Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Príomhoifigeach Cúnta TFC - Ailtireacht agus Caighdeáin - Corcaigh

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) oifig staitistiúil náisiúnta na hÉireann, agus é mar phríomhaidhm aici staitisticí maidir le daoine, sochaí agus geilleagar na hÉireann a bhailiú, a anailísiú agus a chur ar fáil ar bhonn neamhchlaonta. Leis na staitisticí seo cuirtear bonn eolais faoi chinnteoireacht i mórán réimsí éagsúla, lena n-áirítear foirgníocht, sláinte, leas sóisialach, an comhshaol agus an geilleagar.

Lonnaithe i gCorcaigh, díríonn an CSO go háirithe ar thimpeallacht oibre fhorásach ghairmiúil a chothú agus a fhorbairt, timpeallacht ina spreagtar nuálaíocht agus a bhfuil caidrimh oibre náisiúnta agus idirnáisiúnta mar bhonn agus mar thaca aici.

Tá folúntais phoist ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (POS) faoi láthair le haghaidh Príomhoifigeach Cúnta TFC - Ailtireacht agus Caighdeáin i gCorcaigh. 

Tá ceannaire sinsearach TFC/Digiteach á lorg againn a bhfuil luachanna aige atá ag teacht le luachanna na seirbhíse poiblí agus ar mian leis a thaithí fhairsing TFC agus dhigiteach a chur ag obair sa Státseirbhís.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag reáchtáil feachtas earcaíochta oscailte chun duine a earcú sa phost.

Chun teacht ar thuilleadh eolais agus chun iarratas a dhéanamh féach:

https://csorecruitment.tal.net/vx/appcentre-ext/brand-4/spa-1/candidate/so/pm/1/pl/3/opp/38-Assistant-Principal-Software-Architecture-Standards-in-the-Central-Statistics-Office/en-GB (leathanach i mBéarla)

Is é 3pm Dé Máirt an 2ú Meán Fómhair 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus cuirtear fáilte roimh iarratais ar na naoi mbonn uile atá leagtha amach san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.