
Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh Oifig Staidrimh Náisiúnta na hÉireann. Is é ár misean staidreamh iontaofa, neamhchlaonta a chur ar fáil a thacaíonn le cinnteoireacht ar fud an rialtais, an ghnó agus na sochaí sibhialta.
Tá folúntais againn faoi láthair d’Oifigigh um Chórais Faisnéise Geografaíche ag grád Ard-Oifigigh Feidhmiúcháin inár n-oifigí i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath.
Má spreagann an dúshlán a bhaineann le réitigh cheannródaíocha i gcórais faisnéise geografaíche a fhorbairt thú agus más mian leat cur le sochaí atá bunaithe ar shonraí, ba mhaith linn cloisteáil uait.
Mar Oifigeach um Chórais Faisnéise Geografaíche (grád Ard-Oifigigh Feidhmiúcháin), beidh ról lárnach agat i bhforbairt agus i gcothabháil bonneagair gheospásúla a thacaíonn lenár misean. Is deis spreagúil í seo chun tionchar a imirt ar an gcaoi a gcuirtear sonraí spásúla agus staidrimh le chéile chun léargais a sholáthar a théann i bhfeidhm ar bheartas, a chothaíonn nuálaíocht agus a thacaíonn le cinntí atá bunaithe ar fhianaise do thodhchaí na hÉireann.
Is post é seo a thacóidh le gníomhaíochtaí córais faisnéise geografaíche laistigh den CSO agus laistigh den Chóras Staidrimh Éireannach níos leithne. Déanfaidh an t-iarrthóir rathúil an méid seo a leanas:
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar:
https://www.cso.ie/en/baile/eolasfuinn/earcaiocht/