Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Comhordaitheora ar Shuirbhéanna - Suirbhéanna Turasóireachta (Grád Oifigeach Feidhmiúcháin)

Tá CSO ag lorg Comhordaitheoir ar Shuirbhéanna (Suirbhéanna Turasóireachta) ag aerfort Bhaile Átha Cliath faoi láthair a bhfuil luachanna acu atá comhsheasmhach le luachanna na seirbhíse poiblí agus ar mian leo a dtaithí agus a gcuid eolais a chur chun leasa na seirbhíse poiblí i ról tábhachtach. Tá cuid de na dualgais agus na freagrachtaí liostaithe thíos.

Beidh an té a cheapfar ag obair san aerfort le foireann Agallóirí lánaimseartha, cuirfidh an Comhordaitheoir ar Shuirbhéanna an fhaisnéis, an mhaoirseacht agus an tacaíocht ar fáil d’Agallóirí a theastaíonn chun a ndualgais a chomhlíonadh. Rachaidh an té a cheapfar sa ról seo i gcomhar leis an bhfoireann atá ag obair i Rannóg Turasóireachta na Príomh-Oifige Staidrimh agus beidh de chúram orthu faisnéis a scaipeadh idir na hAgallóirí agus an Rannóg Turasóireachta. Beidh an t-iarratasóir rathúil i gceannas ar obair na nAgallóirí Turasóireachta ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus oibreoidh siad i gcomhar leis an bhfoireann sin chun athruithe a chur i bhfeidhm nuair is gá sin. Ar dtús, beidh maoirseacht ar Agallóireacht Phearsanta Ríomhchuidithe do thabhairt isteach agus ar chleachtais samplála athbhreithnithe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath i gceist leis an athrú sin.