Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh


Clár na Socrúchán Céimithe 2026/2027

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) institiúid náisiúnta staidrimh na hÉireann agus tá sé mar phríomhchúram againn staitisticí a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh ar bhonn neamhchlaonta maidir le pobal, sochaí agus geilleagar na hÉireann. Le staitisticí oifigiúla an CSO, cuirtear bonn eolais faoi chinnteoireacht i mórán réimsí éagsúla, lena n-áirítear foirgníocht, sláinte, leas sóisialach, an comhshaol agus an geilleagar.

Táimid ag cuardach daoine fuinniúla éirimiúla chun a bheith páirteach inár gClár Céimithe 2026/2027 agus deiseanna againn sna catagóirí a leanas:

  1. Staidreamh/Eacnamaíocht/Anailísiú Sonraí (Corcaigh agus Baile Átha Cliath)
  2. Margaíocht Dhigiteach (Sord - Baile Átha Cliath)
  3. Bainistíocht Tionscadail (Corcaigh)

Tá ceanncheathrú na hOifige lonnaithe i gCorcaigh agus dhá láthair eile aici i mBaile Átha Cliath (Ráth Maoinis agus Sord).

D’fhéadfaí céimithe a cheapadh ón gcomórtas seo ar feadh tréimhse shainithe (9 mí) ag tosú i Meán Fómhair 2026, chun tabhairt faoi thionscadal leis an Oifig seo nó le roinn rialtais/comhlacht eile stáit faoi scáth an Chórais Staidrimh Náisiúnta.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar conas iarratas a dhéanamh, téigh chuig: https://www.cso.ie/en/baile/eolasfuinn/earcaiocht/

Dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 3i.n. ar an 19 Márta 2026.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus cuirtear fáilte roimh iarratais ar na naoi mbonn uile atá leagtha amach san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.