Tá na Brainsí seo freagrach as na meastacháin bhliantúla a bhailiú maidir le caiteachas agus le hioncam náisiúnta. Tá ról ríthábhachtach ag an eolas seo i mbeartas eacnamaíoch a bhainistiú agus a fhorbairt. Is é ballraíocht san AE an phríomhchúis le staitisticí macra-eacnamaíocha a fhorbairt. Chun críche an AE caithfear iad a bhailiú de réir caighdeán agus modheolaíochtaí comhaontaithe. Úsáidtear na staitisticí freisin chun roinnt críche riaracháin AE, go háirid OTN chun ranníocaíocht na hÉireann do bhuiséid an AE agus do Chuntais Réigiúnacha a ríomh i gcomhthéacs na gcistí struchtúra.
Tá ballraíocht in Aontas Airgeadaíochta na hEorpa (AAE) ag cur le ról lárnach beartais na staitisticí macra-eacnamaíocha. Fachtóir tábhachtach anseo ná an ceanglas Rialachán 2223/96 ón AE a bhaineann le Córas nua Eorpach um Chuntais Náisiúnta a chur i bhfeidhm ina iomlán.
Tá obair ar na Cuntais Náisiúnta eagraithe i dtrí Bhrainse mar seo a leanas:
Cuntais Náisiúnta (Comhtháthú)
Cuntais Náisiúnta (Caiteachas)
Cuntais Náisiúnta (Ioncam)