Tá an Brainse seo freagrach as staitisticí maidir le hallmhairí agus le honnmhairí na hÉireann a bhailiú agus as cuntais saitilíte chomhshaoil.
Is í Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a bhailíonn na bunshonraí. Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) freagrach as na staitisticí a bhailiú agus a dháileadh. Bailítear staitisticí trádála le tíortha taobh amuigh den AE ó cháipéisí smachta Custaim agus foilsítear iad taobh istigh de 8 seachtainí ón mí thagartha. Bailítear staitisticí maidir le trádáil le tíortha an AE ó shonraí a bhailítear go díreach ó thrádalaithe sa suirbhé Intrastat AE-comhchuibhithe. Tugadh an suirbhé seo isteach nuair a fágadh amach smachta Custaim intra-AE a d'eascair as cur i bhfeidhm iomlán an Mhargaidh Aonair i mí Eanáir 1993. Tá an suirbhé seo faoi réir ag freagra staitistiúil agus deacrachtaí cáilíochta a bhíonn i ngach fiosrúchán staitistiúil. Mar thoradh air sin níl na staitisticí trádála eachtracha iomlána agus intra-AE ar fáil go dtí thart ar 14 seachtainí i ndiaidh dheireadh na míosa tagartha.
Tá an ghníomhaíocht a bhaineann le Cuntais Chomhshaoil gafa don chuid is mó le athdhéanamh agus leathnú ar an obair a dhéanann an Institiúid um Thaighde Eacnamaíoch agus Sóisialta (ESRI) maidir le brúnna ar an gcomhshaol de bharr gníomhaíochta eacnamaíche.
Tá an Brainse páirteach i gcomhordú ceisteanna staitistiúla freisin.