Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Tá an Brainse seo freagrach as staitisticí maidir le lucht saothair (i.e. fostaíocht agus dífhostaíocht), staitisticí míosúla an Bheochláir a ullmhú agus as Staitisticí Beatha a bhaineann le breitheanna, básanna agus póstaí a bhailiú.

Tá an Brainse roinnte sna Rannóga seo a leanas:

Suirbhé Náisiúnta Ráithiúil Teaghlaigh
Tá an Rannóg seo freagrach as an Suirbhé Náisiúnta Ráithiúil Teaghlaigh (SNRT) a dhéanamh agus a phróiseáil. Clúdaíonn an suirbhé sampla ionadaíoch de 39,000 teaghlach agus tá foireann de 130 Agallóir ag obair air agus iad ag baint úsáide as teicneolaíocht nua-aimseartha ríomhchuidithe don agallamh pearsanta (CAPI).

Ceisteanna maidir le Margadh Saothair/Beochlár
Tá an Rannóg seo freagrach as torthaí ó na Suirbhéanna Lucht Saothair agus ón SNRT a thosaigh i mí Mheán Fómhair 1997 a anailísiú agus a dháileadh. Cuireann an Rannóg seo staitisticí míosúla an Bheochláir le chéile freisin ó fhaisnéis curtha ar fáil ag an Roinn Ghnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh agus ullmhaíonn sí staitisticí ráithiúla maidir le haighneas tionsclaíoch.

Staitisticí Beatha
Cuireann an Rannóg seo staitisticí míosúla agus bliantúla le chéile maidir le breitheanna, básanna agus póstaí. Cuireann os cionn 300 Cláraitheoir sonraí ar leith maidir le breitheanna agus básanna in iúl don Oifig faoi théarmaí an Achta um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952 agus an tAcht um Chlárú Breitheanna, Básanna agus Póstaí, 1972. Cinntíonn Alt 5 d'Acht 1952 rúndacht sonraí clárúcháin sibhialta tugtha don Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO).