Tá an Brainse seo freagrach as innéacs míosúil Praghsanna do Thomhaltóirí (IPT), atá ina thomhas oifigiúil ar bhoilsciú, a chur le chéile. Cuireann sé Innéacs Praghsanna Mórdhíolacháin (IPM) le chéile chomh maith, a mheasann treochtaí míosúla sna praghsanna táirgeora/mórdhíola tionsclaíoch iarmhonarchan d'ábhar tógála agus d'earraí is féidir a iompar. Tá ualú an IPT bunaithe go mór ar thorthaí an tSuirbhé Buiséid Teaghlaigh (SBT), a dhéanann an Brainse gach cúig bliana.
Tá an Brainse roinnte sna Rannóga seo a leanas:
Praghsanna do Thomhaltóirí
Tá an Rannóg seo freagrach as an Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí (IPT) míosúil a ríomh, agus as Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Tomhaltóirí an AE (ICPT).
Praghsanna Mórdhíola
Tá an Rannóg seo freagrach as Innéacs Praghsanna Mórdhíola (IPM) míosúil a chur le chéile.
Suirbhé Buiséid Teaghlaigh
Rinne an Rannóg seo suirbhé 1999-2000 a eagrú agus a phróiseáil a chlúdaigh beagnach 8,000 teaghlach agus ina raibh bailiú faisnéise an-sonraithe maidir le caiteachas agus ioncam teaghlaigh.