Brainse a bunaíodh le gairid é seo a bhfuil sé mar phríomhról aige córais chomhtháite staitisticí sóisialta a fhorbairt ar shonraí atá ar fáil ó réimse leathan foinsí staitistiúla agus riaracháin. Ar na príomhaidhmeanna tá réimse táscairí sóisialta agus tuarascálacha sóisialta a ullmhú agus sonraí riaracháin atá ag an Rialtas agus ag Gníomhaireachtaí Poiblí eile a n-oibreoidh sé go gníomhach leis a úsáid go hiomlán.