Tugann an fheidhm seo seirbhísí bainisteoireachta acmhainní daonna (HRM) agus tacaíochta riaracháin don Oifig chun go mbeidh sí in ann a feidhmeanna staitistiúla lárnacha a chomhlíonadh. Cosúil le Ranna agus le hOifigí Rialtais eile oibríonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) taobh istigh de chóid airgeadais agus pearsanra a chinntear go lárnach don státseirbhís.
Tá an Brainse roinnte sna Rannóga seo a leanas:
Pearsanra
Tá an Rannóg seo freagrach as riarachán pearsanra agus as seirbhís tacaíochta a thabhairt don fhoireann agus as bainisteoireacht líne i ndáil le nithe pearsanra.
Seirbhís Chúnaimh d'Fhostaithe
Tugann an tOifigeach Cúnaimh Fostaithe seirbhísí comhairleoireachta agus cúnaimh do bhaill foirne le fadhbanna pearsanta nó oibre. Tugtar eolas maidir le sláinte, leas sóisialta agus nithe eile.
Aonad Oiliúna agus Forbartha (AOF)
Tá an AOF freagrach as oiliúint agus forbairt foirne a chur ar fáil, as na scéimeanna Aisíoc Táillí agus Gaeleagras a bhainistiú, as tacaíocht rúnaíochta don Choiste um Oiliúint agus Forbairt Foirne, agus as cláir oiliúna a ullmhú, a sheachadadh agus a bhainistiú.
Acmhainní Daonna
Tá an Rannóg seo freagrach as seirbhísí tacaíochta bainisteoireachta a sholáthar don oifig. Tá sí freagrach chomh maith as próiseas an athraithe a bhainistiú taobh istigh den Oifig, as cur i bhfeidhm an Achta um Shaoráil Faisnéise a éascú agus as déileáil le nithe maidir le caidreamh tionscail.