Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Seirbhís phriontála, scaipthe agus eolais d'ardchaighdeán a chur ar fáil do chustaiméirí is ról don tseirbhís.

Tá an tseirbhís roinnte sna Rannóga seo a leanas:

Eolas
Tá an Rannóg seo freagrach as seirbhís ghinearálta eolais a sholáthar d'úsáideoirí staitisticí na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), as liosta seachadta scaipthe a chothú, as feidhmiú seirbhísí StatsMail chun Ráitis Staitistiúla a scaipeadh, as bailiú cóip priontáilte don Irisleabhar Staitistiúil ráithiúil agus d'Iris Bhliantúil Staitisticí na hÉireann, as an Treoir Fhoilseacháin agus ábhar bolscaireachta eile a ullmhú, as láithreán WWW na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a chothú, as seastáin na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a eagrú ag ócáidí poiblí, &rl.

Leabharlann
Cuireann an Rannóg seo seirbhís leabharlainne ar fáil d'fhoireann na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) agus don phobal in Oifigí Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí. Tá an tsraith is cuimsí de cháipéisí agus d'fhoilseacháin náisiúnta agus idirnáisiúnta sa tír i stoc leabharlainne Chorcaí chomh maith le ceann de na bailiúcháin de théascleabhair staitistiúla is fearr sna hoileáin seo. Tá sraith iomlán d'fhoilseacháin na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), Eurostat agus gníomhaireachtaí staitistiúla idirnáisiúnta eile i leabharlann Bhaile Átha Cliath.

Clóchuradóireacht
Cuireann an Rannóg seo seirbhís chlóchuradóireachta leictreonaí ar fáil chun beagnach gach Ráiteas Staitistiúil, foilseacháin, ceistiúcháin staitistiúla, lámhleabhair inmheánacha, bileoga saothair, &rl. a phriontáil, ag baint úsáide as teicneolaíocht nua-aimseartha den scoth.

Clódóireacht
Cuireann an Rannóg seo seirbhís chlódóireachta gairmiúil ar fáil do bheagnach gach foilseachán den Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) agus do riachtanais eile clódóireachta bunaithe ar chóip leictreonach ullmhaithe ag an Rannóg Chlóchuradóireachta.

Airgeadas
Cuireann Rannóg an Airgeadais seirbhís airgeadais chuimsithigh ar fáil don oifig lena n-áirítear párolla, íocaíochtaí ginearálta oifige, cothú agus taisteal foirne chomh maith le seirbhís áirithintí don taisteal thar lear agus córas ticéid iarnróid a sholáthar don fhoireann. Freagraíonn an rannóg ceisteanna ar an nguthán agus tríd an bpost ar bhonn leanúnach.
Cuirtear eolas maidir le bainisteoireacht airgeadais ar fáil ar bhonn tráthúil do bhainistiú buiséid na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) agus don Roinn Airgeadais agus gníomhaireachtaí eachtracha eile. Tá baint mhór ag an rannóg seo freisin leis an bhfeachtas um Mheastacháin Bhliantúla, an Buiséad Riaracháin Ilbhliantúil, an Cuntas Leithghabhála bliantúil a ullmhú agus seisiúin eolais breise airgeadais.

Seirbhísí Oifige
Tá Seirbhísí Oifige freagrach as áiseanna agus cóiríocht oifige a chothú, as troscán a cheannach agus soláthairtí agus trealamh eile nach Teicneolaíocht Faisnéise (TF), as clár sócmhainní nach TF a chothú, agus as seirbhísí slándála, teileachumarsáide agus poist agus eile a sholáthar. Tá sí freagrach freisin as freagrachtaí na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) maidir le sláinte agus sábháilteacht a chomhlíonadh.

Clárlann
Tá an Rannóg seo freagrach as post a ghlacadh/a dháileadh i gCorcaigh agus as seirbhís chomhaid lárnaigh chlárlainne a chothú.

Riarachán (Baile Átha Cliath)
Tá an Rannóg seo freagrach as post a ghlacadh/a dháileadh agus as seirbhís chóiríochta, slándála, clárlainne, leabharlainne, áiseanna eile agus seirbhísí ginearálta riaracháin a chothú in oifig Bhaile Átha Cliath. Tá sí freagrach chomh maith as foireann nua a ionduchtú i mBaile Átha Cliath, as freagraí ar Cheisteanna Parlaiminte a chomhordú, agus as beartas i ndáil le ciontuithe i ngach fiosrúchán staitistiúil reachtúil beartaithe faoin Acht Staidrimh 1993.