Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Faisnéis staitistiúil cuí, tráthúil agus d'ardcháilíocht a sholáthar maidir le struchtúr agus feidhmiú na n-earnálacha tionscail agus tógála sa gheilleagar atá mar ról ag an mBrainse seo.
Bailíonn agus foilsíonn an Brainse staitisticí maidir le tionscal agus le tógáil agus foirgníocht.

Tionscal

Tá trí phríomhshuirbhé tionscail ann: Áireamh Táirgthe Tionsclaíoch (ÁTT), Fiosrúchán bliantúil PRODCOM agus an Suirbhé Táirgthe Mhíosúil. Clúdaíonn an ÁTT gach aonad áitiúil tionsclaíoch ina bhfuil triúr nó níos mó ag obair. Bailíonn fiosrúchán PRODCOM sonraí maidir le táirgeacht ag baint úsáide as rangú comhchuibhithe an AE. Bailíonn an Suirbhé Táirgthe Mhíosúil sonraí um tháirgeacht agus lámhdeachas na n-aonad áitiúil tionsclaíoch ina bhfuil 20 duine nó níos mó ag obair.

Tógáil & Foirgníocht

Déanann an Rannóg seo an réimse suirbhéanna seo a leanas:

  • Suirbhé míosúil fostaíochta;
  • Suirbhé ráithiúil um thuilleamh agus uaireanta oibre;
  • Suirbhé ráithiúil de cheadanna pleanála deonaithe;
  • Áireamh Bliantúil Tógála agus Foirgníochta.

Foireann Allamuigh Ghnó

Téann foireann bhuan de seachtar ionadaí ón Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) amach chuig gnólachtaí nár fhreagair suirbhéanna nó a thug freagra lag, chun iad a spreagadh freagra a thabhairt agus cabhrú le foirmeacha a chomhlánú.