Faisnéis staitistiúil cuí, tráthúil agus d'ardcháilíocht a sholáthar maidir le struchtúr agus feidhmiú na n-earnálacha seirbhísí sa gheilleagar atá mar ról ag an mBrainse seo. Tá an Brainse roinnte sna Rannóga seo a leanas:
Iompar
Scrúdaíonn an Rannóg seo gníomhaíocht feithiclí earraí, gníomhaíocht tráchtála soithí trádála, na mbád farantóireachta carranna agus feithiclí eile paisinéirí ag calafoirt na hÉireann agus feithiclí ceadúnaithe don chéad uair.
Turasóireacht agus Taisteal
Déanann an Rannóg seo suirbhé ar líon na gcuairteanna a dhéantar agus an caiteachas a dhéanann cuairteoirí go hÉirinn agus cuairteoirí Éireannacha thar lear. Thionscain sí freisin suirbhéanna comhchuibhithe an AE ar chóiríocht turasóirí agus taisteal a dhéanann baill de theaghlaigh Éireannacha sa bhaile agus thar lear.