Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Faisnéis staitistiúil cuí, tráthúil agus d'ardcháilíocht a sholáthar maidir le tuilleamh agus costais eile fostaíochta atá mar phríomhról ag an mbrainse seo.

Tá an brainse roinnte sna rannóga seo a leanas:

Suirbhéanna Ráithiúla Tionscail agus Seirbhísí


Déanann an Rannóg seo suirbhéanna ráithiúla ar aonaid áitiúla tionsclaíocha agus foilsíonn sí meastacháin maidir le fostaíocht, meantuilleamh seachtainiúil, uaireanta oibre agus tuilleamh san uair.
Déanann an Rannóg seo suirbhéanna ráithiúla freisin don tseirbhís phoiblí, baincéireacht, cumainn árachais agus foirgníochta. Foilsítear meastacháin maidir le fostaíocht agus le meantuilleamh seachtainiúil do na hearnálacha seo.


Struchtúr Tuillimh agus Suirbhéanna ar Chostais Saothair


Déanann an rannóg seo (ar bhonn gach dara bliain) Suirbhé an AE um Chostais Saothair agus Suirbhé Struchtúir Tuillimh. Clúdaíonn na suirbhéanna seo formhór na n-earnálacha seirbhíse agus tionsclaíocha.

Innéacs um Chostas Saothair agus an Earnáil Phoiblí a fhorbairt


Atheagrú sa bhrainse a phleanáil agus a chur i bhfeidhm chun riachtanais náisiúnta agus an AE a bheidh ag teacht chun cinn a chomhlíonadh maidir le tuilleamh agus costais saothair atá mar ról ag an rannóg seo. Ar na riachtanais náisiúnta tá meastacháin ar thuilleamh an gheilleagair agus innéacs nua tuillimh don earnáil phoiblí. Innéacsanna costais saothair sa gheilleagar ar fad (gan talmhaíocht san áireamh) a sholáthar ar bhonn ráithiúil le tráthúlacht 70 lá nó níos lú atá mar phríomh riachtanas an AE.

Suirbhéanna Ráithiúla Stoc agus Infheistíochtaí


Déanann an rannóg seo suirbhéanna ráithiúla ar na hearnálacha tionsclaíocha agus seirbhíse. Foilsítear meastacháin ar stoic agus ar éadálacha caipitiúla agus diúscairtí ar bhonn ráithiúil.
Foilsíonn an rannóg seo go ráithiúil meastacháin ar meantuilleamh seachtainiúil d'fhostaithe lánaimseartha chomh maith sna hearnálacha dáilte agus seirbhísí gnó.