Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Tugann an Brainse faisnéis sóisialta agus eacnamaíoch a bhaineann le struchtúr agus feidhmiú earnáil talmhaíochta na hÉireann agus a lucht saothair. Úsáidtear an fhaisnéis seo, go príomha, chun cinntí um bheartais talmhaíochta a chur le chéile agus a mheas ag leibhéal náisiúnta agus AE.

Tá an Brainse roinnte sna rannóga seo a leanas:

Suirbhéanna Feirme


Tá na Rannóga seo freagrach as clár riaracháin na bhfeirmeoirí a chur le chéile agus as suirbhéanna móra samplacha feirme i mí an Mheithimh agus i mí na Nollag a dhéanamh. Tá dualgas orthu roinnt suirbhéanna beaga a dhéanamh chomh maith: suirbhé míosúil bainne na n-uachtarlann; suirbhé speisialaithe ó shuirbhéanna ar tháirgeoirí muca agus éanlaithe; suirbhé ar thuilleamh tríbhliantúil oibrithe talmhaíochta; suirbhé bairr agus an ráiteas ráithiúil ar dhíolacháin talún talmhaíochta.

Praghsanna Talmhaíochta


Tá an Rannóg seo freagrach as na praghsanna íoctha le feirmeoirí as a dtáirgí agus na praghsanna a íocann siad ar sheirbhísí agus ar earraí ceannaithe a shuirbhéireacht. Déileálann sí freisin le ceisteanna ón bpobal maidir le hÁireamh Talmhaíochta, praghsanna talmhaíochta agus ceisteanna eile ginearálta talmhaíochta.

Táirgeacht agus Cuntais Talmhaíochta


Tá na Rannóga seo freagrach as ioncam in Earnáil na Talmhaíochta a mheas agus staitisticí a ullmhú maidir le clár comhardaithe um mharú ainmhithe agus bainne, arbhar agus soláthar feola. Foilsítear staitisticí iascaireachta go bliantúil.