Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Tá an Brainse freagrach as faisnéis maidir le tréithe sóisialta agus déimeagrafacha a bhaineann le daonra na hÉireann a bhailiú, a chur le chéile agus a fhoilsiú chun cabhrú leis an Rialtas cinntí a dhéanamh agus chun an pobal a chur ar an eolas. Páirt mhór d'obair an Bhrainse é an Daonáireamh a dhéanamh gach cúig bliana. Ceaptar breis foirne sa cheann áras fad a bhíonn an daonáireamh ag dul ar aghaidh agus ina dhiaidh sin fostaítear i ranna eile Rialtais iad.

Tá an Brainse roinnte sna Rannóga seo a leanas:

Staitisticí Déimeagrafacha
Tá an Rannóg seo freagrach as faisnéis maidir le tréithe sóisialta agus déimeagrafacha dhaonra na hÉireann a ullmhú agus a scaipeadh. Ullmhaíonn sé freisin meastacháin bhliantúla maidir le sreabha imirce agus daonra rangaithe de réir aoise, grúpa agus gnéis chomh maith le teilgin daonra agus lucht saothair gach cúig bliana.

Seirbhísí Tacaíochta Daonáirimh
Tá an fhoireann páirteach sna rannóga seo freagrach as foireann allamuigh a earcú, a cheapadh, a eagrú agus a íoc chun Daonáireamh a dhéanamh, as bainisteoireacht acmhainní daonna na hoifige agus na foirne allamuigh, as an bhFoirm Dhaonáirimh agus ábhar eile, a phriontáil, as fógraíocht, cóiríocht oifige agus allamuigh, iompar, stóráil agus seirbhísí tacaíochta eile. Soláthraíonn foireann tiomanta TF tacaíocht córas i réimse an daonáirimh.

Tíreolaíocht Daonáirimh
Tá an Rannóg seo freagrach as thart ar 4,000 ceantair áirimh Dhaonáirimh a dhearadh agus a mhapáil, agus as códáil tíreolaíoch na sonraí daonáirimh ina dhiaidh sin. Tá idirdhealú i gceist anseo idir teorainneacha na gceantar áirimh féin chun tascanna oibre caighdeánacha a sholáthar d'Áiritheoirí Daonáirimh aonair, agus freisin idir teorainneacha na gceantar riaracháin (síos go leibhéal Bardaí i gceantair uirbeacha agus Bailte i gceantair thuaithe), bailte, bruachbhailte agus comharsanacht.

Próiseáil Daonáirimh
Tá an réimse seo freagrach as próiseáil sonraithe foirmeacha an Daonáirimh. I gceist anseo tá taifeadadh leictreonach, iniúchadh, eagarthóireacht agus códú ar mhilliún agus aon cheathrú Foirmeacha Daonáirimh agus na sonraí aonair do beagnach ceithre mhilliún duine.

Foilseacháin agus Fiosrúcháin Daonáirimh
Tá an Rannóg seo freagrach as foilseacháin sonraithe Dhaonáirimh a ullmhú agus as aschur, as anailísí speisialta, agus as déileáil le gach ceist ón bpobal a bhaineann le staitisticí déimeagrafacha.