Skip navigation

Tugann an rannóg eolais seirbhís chuimsitheach eolais don phobal trí fhiosrúcháin teileafóin, ríomhphoist agus phoist a fhreagairt chomh maith le déileáil le daoine a thugann cuairt ar an oifig. Tá sí freagrach chomh maith as roinnt foilseachán a chur le chéile agus a dháileadh ina bhfuil:

Treoir d'Fhoilseacháin agus Seirbhísí Faisnéise CSO (PDF 550KB)  as béarla
Bliainiris Staidrimh na hÉireann 2011 (PDF 2,109KB)    (as béarla)

Freastalaíonn an Rannóg Eolais i rith na bliana ar roinnt taispeántais fiontair agus gnó chun feasacht chustaiméirí a mhéadú agus na seirbhísí faisnéise staitisticí a sholáthraíonn an Phríomh-Oifig staidrimh (CSO) a chur chun cinn.

Chomh maith leis sin tá an rannóg freagrach as scaoileadh agus foilseacháin a dhíol, cothaíonn siad an Seachadadh Leictreonach Staitisticí agus an suíomh Idirlín chomh maith le Clár Fógraí an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF) a nuashonrú.

Is féidir dul i dteagmháil leis an rannóg mar seo a leanas:

Rannóg Eolais

An Phríomh-Oifig Staidrimh,
Bóthar an Sceiche Airde,
Corcaigh,
Éire.

Fón: +353-21-4535000 or 353-1-4977144
Folíne: 5028, 5029
Facs: +353-21-4535555
Ríomhphost: information@cso.ie