An tAcht Staidrimh, 1993
Ba faoi fhorálacha na nAchtanna Staidrimh, 1926 agus 1946 a tiomsaíodh staidreamh na hÉireann suas go dtí an 1 Samhain 1994 nuair a tháinig an tAcht Staidrimh, 1993 i bhfeidhm.
Tugann An tAcht Staidrimh, 1993 bunús reachtúil nua-aimseartha le staitisticí oifigiúla a chur le chéile agus a scaipeadh. Tháinig an tAcht i bhfeidhm ar an 1 Samhain 1994. Bhí na forálacha seo a leanas ag dul leis:
- an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a bhunú ar bhonn reachtúil mar Oifig neamhspleách faoi chúram an Taoisigh;
- feidhmeanna na Príomh-Oifige Staidrimh, lena n-áirítear, chomh maith lena sainordú bunúsach, comhordú a dhéanamh ar staitisticí oifigiúla bailithe ag údaráis phoiblí, an ceart cumas staitistiúil na dtaifead cothaithe ag údaráis phoiblí a mheas agus a chinntiú go scaoiltear an cumas sin a mhéid a cheadóidh acmhainní;
- ainmniú, ar bhonn foirmiúil, Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh a bheidh, chomh maith le bheith freagrach as an Oifig a bhainistiú, neamhspleách ar ábhair staitistiúla (.i. a bheith freagrach go hiomlán é/í féin as modheolaíochtaí staitistiúla agus as na caighdeáin ghairmiúla nach mór a leanúint, as ábhar na dtuairiscí agus na bhfoilseachán staitistiúil, agus as caothúlacht agus modhanna scaipthe na staitisticí a bailítear);
- bunú an Bhoird Náisiúnta Staidrimh chun, le comhaontú an Taoisigh, stiúradh straitéiseach na Príomh-Oifige Staidrimh a threorú;
- ceart rochtana na Príomh-Oifige Staidrimh, faoi réir roinnt teorainneacha agus coinníollacha, ar thaifid riaracháin na n-údarás poiblí chun críche staidrimh; agus
- dualgas na Príomh-Oifige Staidrimh caitheamh le gach faisnéis a bhaineann le daoine nó le gnóthais faoi rún beacht agus faisnéis den chineál sin a úsáid chun críche staidrimh amháin.
Léirítear go hiomlán san Acht Bunphrionsabail an Staidrimh Oifigiúil a ghlac Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip i 1992.
De réir Alt 8(c) den Acht um Chosaint Sonraí, 1988, níl feidhm ag aon srianta atá san Acht sin maidir le nochtadh sonraí pearsanta i gcás na Príomh-Oifige Staidrimh má iarrann sí nochtadh den sórt sin mar cheanglas (seachas i gcás na gCúirteanna, an Gharda Síochána, Riarachán na bPríosún, an Ombudsman agus na dTaifead Leighis) faoi Alt 30 den Acht Staidrimh, 1993.