Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Tiomantas do sheirbhís chustaiméara

  • Táthar tiomanta go hiomlán do na caighdeáin seirbhíse custaiméirí is airde.
  • Fáiltímid roimh theagmháil ónár gcustaiméirí.
  • Tá sí mar aidhm againn a bheith soshroichte agus cabhrach, agus déileálfarleat le cuirtéis i gcónaí.
  • Tá meas againn ar gach cineál aiseolais.
  • Beimid cothrom agus gairmiúil inár ndéileálacha uile le custaiméirí.
  • Déileálfaimid le do chuid fiosrúchán go pras agus go héifeachtúil.
  • Déanfaimid cumarsáid leat i dteanga soiléir.
  • Coimeádfaimid ár suíomh gréasáin úsáideach, faisnéiseach agus inrochtana, le rochtain saor in aisce do chách.

Foilsiú staitisticí

  • Foilsímid ár gcuid staitisticí uile ar líne ag 
  • Socraímid spriocdhátaí dúshlánacha i ndáil le foilsiú ár staitisticí, agus tomhaistear baint amach na spriocdhátaí seo.
  • Fógraímid ár sceideal foilsithe i réamh-fhéilire a fhoilsítear ar ár suíomh gréasáin.
  • Tugtar ainmneacha agus uimhreacha teagmhála inár bhfoilseacháin.
  • Foilseoimid modhanna agus tuarascálacha cáilíochta dár gcuid staitisticí uile.
  • Nuair is féidir, soláthróimid anailís staitistiúil bhreise má lorgaítear í.

Bailiú staitisticí

Teagmháil leis an bPríomh-Oifig Staidrimh

Ar an nguthán

  • Freagróimid 90% de ghlaonna laistigh de 20 soicind.
  • Agus sinn ag freagairt an ghutháin, cuirfear ár réimsí gnó agus ár n-ainm in iúl.
  • Mura féidir linn freagra láithreach a thabhairt ar do cheist tógfar na sonraí agus glaofar ar ais ort.
  • Más rud é go dtógfaidh sé roinnt ama chun freagra ar d’fhiosrúchán a chur i dtoll a chéile, tabharfar meastachán duit ar an méid ama a thógfaidh sé.
  • Déileálaimid go pras le teachtaireachtaí a fhágtar ar ghlórphost, agus glaoitear ar ais ar dhaoine laistigh de lá amháin de ghnáth.

Ar ríomhphost

  • Tabharfaimid freagra ar rphoist chuig ár bpríomhsheoltaí rphoist (eolas@cso.ieinformation@cso.iecro@cso.ie) laistigh de dhá lá oibre.
  • Mura féidir linn freagra iomlán a thabhairt laistigh den am seo, tabharfaimid meastachán duit ar an méid ama a thógfaidh sé.
  • Úsáidfear an áis “as an oifig” ar an gcóras rphoist, nuair is gá, chun a chinntiú go mbíonn pointe teagmhála eile agat.

I bhfoirm litreach

  • Freagróimid do chuid litreacha laistigh de chúig lá oibre.
  • Mura féidir linn freagra iomlán a thabhairt laistigh den am seo, tabharfaimid meastachán duit ar an méid ama a thógfaidh sé.
  • Cuimseoidh ár gcomhfhreagras ainm agus uimhir theagmhála an té atá ag déileáil leat.

Seirbhís trí Ghaeilge

  • Leanfaimid orainn ag cur seirbhís dhátheangach i bhfeidhm i gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021. Is féidir  a fháil anseo
  • Má scríobhann tú chugainn i nGaeilge, tabharfaimid freagra duit i nGaeilge.
  • Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Gaeilge ag eolas@cso.ie nó (+353) 21 453 5279
  • Cuirfimid ár bhfoirmeacha suirbhé uile ar fáil i nGaeilge.
  • Cuirfimid ár mórcháipéisí corparáideacha (cosúil lenár Ráiteas Straitéise) ar fáil i nGaeilge.
  • Tá leagan Gaeilge den chairt seo ar fáil.

Do chuid aiseolais

  • Soláthraímid deis chun aiseolas a thabhairt ar ár suíomh gréasáin, ár bhfoilseacháin agus ár bhfoirmeacha suirbhé.
  • Déanaimid anailís ar aiseolas, agus cuirtear san áireamh é inár bpleananna don todhchaí.
  • Úsáidfimid  staitistiúla chun fanacht i dteagmháil le húsáideoirí staidreamh agus soláthraithe sonraí.
  • Cuirimid suirbhéanna um shástacht chustaiméara rialta i gcrích i gcomhar leis an mBord Náisiúnta Staidrimh.

Monatóireacht ar ár gcuid feidhmíochta

  • Déanfaimid monatóireacht ar na tiomantais sa Chairt seo, agus rachaimid i mbun gníomhaíochta ar aon cheann nach bhfuil á chomhlíonadh.
  • Tabharfaimid faisnéis ar chur chun feidhme na Cairte seo inár dTuarascáil Bhliantúil.

Gearáin

I dtús báire is féidir do ghearán a dhíriú ar an rannóg ábhartha laistigh den oifig. Déanfaidh an fhoireann ansin iarracht teacht ar réiteach gasta.

Mura bhfuiltear sásta lena bhfreagra eagróimid don Oifigeach um Chaidreamh Custaiméara imscrúdú oifigiúil a dhéanamh ar do ghearán:

An tUasal Ken Kennedy,
An Phríomh-Oifig Staidrimh,
Bóthar na Sceiche Airde,
Corcaigh T12 X00E.

Teil: (+353) 21 453 5036
Facs +353 21 453 5555
Rphost cro@cso.ie

Mura bhfuiltear sásta le toradh an athbhreithnithe de chuid an Oifigigh um Chaidreamh Custaiméara is féidir an t-ábhar a achomharc chuig:


An tUasal John Byrne, 
An Phríomh-Oifig Staidrimh,
Bóthar na Sceiche Airde,
Corcaigh T12 X00E.


Teil: (+353) 21 453 5343
Rphost: john.byrne@cso.ie 


Mura réitítear an t-ábhar go fóill is féidir é a chur ar aghaidh chuig an Ombudsman ag:


An tOmbudsman, 
6 Ardán Phort an Iarla,
Baile Átha Cliath 2


Teil: (+353) 1 639 5600
Rphost: ombudsman@ombudsman.ie 
Suíomh gréasáin: www.ombudsman.ie

Teagmháil

Tá oifigí ag an bPríomh-Oifig Staidrimh i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath araon ag:

Bóthar na Sceiche Airde
Corcaigh

T12 X00E

Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia
Ráth Maonais
Baile Átha Cliath 6

D06 FX52

Campas Gnó Shord Sord
Co. Bhaile Átha Cliath

K67 D2X4

Is féidir dul i dteagmháil lenár bhfolínte go léir freisin trí na huimhreacha gutháin i gCorcaigh nó i mBaile Átha Cliath:

+353 21 453 5000(Corcaigh)

nó +353 1 498 4000 (Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia)

nó +353 1 895 1300 (Sord)

Is féidir glaoch ar fholínte díreach trí uimhir an fholíne chuí a chur in ionad na gceithre dhigit deireanach de na huimhreacha seo.

Uimhreacha facs: +353 21 453 5555 nó +353 1 498 4229 nó +353 1 895 1399

Tá seoltaí rphoist do bhaill foirne na Príomh-Oifige Staidrimh i bhfoirm céadainm.sloinne@cso.ie

CSO ar an ngréasán: www.cso.ie

  • Maidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh
  • Cúlra Stairiúil
  • Gairmeacha
  • Reachtaíocht, Rialachas & Beartais Sonraí
  • Teagmháil