Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Achoimre ar Thorthaí

Leath na líonta tí le hairgead a dhóthain i dtaisce chun an caighdeán céanna maireachtála a choimeád ar feadh trí mhí ar a laghad

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn

Achoimre ar Thorthaí

  •  Ardú ar an sciar daoine i ndíothacht fhorghníomhach ó 16.6% in 2022 go 17.3% in 2023.

  • Ba iad na grúpaí ba dóichí chun a bheith i ndíothacht fhorghníomhaí ná:

    • daoine nach féidir leo oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh (44.7%);
    • líonta tí aontuismitheora le páistí faoi 18 mbliana d’aois (41.4%);
    • daoine dífhostaithe (37.8%);
    • daoine i gcóiríocht ar cíos nó saor ó cíos (36.5%)
  • Ardú ar líon na ndaoine gan na hacmhainní chun bualadh le gaolta nó cairde do bhéile nó deoch uair sa mhí ó 9.2% in 2022 go 12.3% in 2023.

  • Ardú ar líon na ndaoine a chuaigh gan teasa ag tréimhse éigin sa 12 mhí roimhe de bharr easpa airgeadais ó 8.2% in 2022 go 10.8% in 2023.

  • Díreach os cionn leath (51.0%) de líonta tí le hairgead a dhóthain i dtaisce chun an caighdeán céanna maireachtála a choimeád ar feadh trí mhí ar a laghad.

  • Gan athrú suntasach ar sciar de líonta tí in 2023 ar dóigh leo gur ualach mór airgeadais é costas tithíochta ón ráta in 2022 (30.6% agus 30.9% faoi seach). 

  • Léiríonn anailís de réir stádais tionachta go raibh deacracht mór airgeadais ag 14.2% de líonta tí i gcóiríocht ar cíos le hais 2.8% de líonta tí i gcóiríocht úinéir áitithe.

Trácht an Staitisteora

Tá torthaí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (07 Márta 2024) maidir le Díothacht Fhorghníomhach ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) don bhliain 2023.

Déanann Gerry Reilly, Staitisteoir Sinsearach sa rannóg Ioncaim, Tomhaltais agus Maoine, trácht ar fhoilseachán an lae inniu:

“Léirítear dúinn sna torthaí seo ó SILC 2023 ardú foriomlán ar an sciar daoine i ndíothacht fhorghníomhach in 2023. Chomh maith leis sin, tugtar aird san fhoilseachán seo ar chomh forleathan is atá an díothacht i measc dreamanna áirithe, amhail líonta tí aontuismitheora le clann, daoine nach féidir leo oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh, daoine atá dífhostaithe, agus daoine i gcóiríocht ar cíos.

Méadú ar Dhíothacht

Sainítear daoine a bheith i ndíothacht fhorghníomhaí má mhaireann siad i líon tí atá gann ar dhá cheann nó níos mó de 11 mhír bunúsacha, ar gnách go mbeidís ag líonta tí sa phobal i gcoitinne, mar shampla, gan na hacmhainní acu chun bualadh le gaolta nó cairde do bhéile nó deoch uair sa mhí nó gan a bheith in ann íoc as an baile a choinneáil te a dhóthain. Chun teacht ar liosta de na míreanna díothachta seo, féach Míniú ar Tháscairí Bochtaineachta.

In 2023, bhí 17.3% de dhaoine sa stát i ndíothacht fhorghníomhach, le hais 16.6% in 2022 agus 13.7% in 2021.

D’ardaigh an ráta díothachta i 7 as 11 de na míreanna díothachta in 2023. Ar an athrú is mó, is é an sciar daoine gan na hacmhainní acu chun bualadh le gaolta nó cairde do bhéile nó deoch uair sa mhí, ó 9.2% in 2022 go 12.3% in 2023.

Ag féachaint ar ghnéithe ar nós stádas fostaíochta, comhdhéanamh Líon Tí agus stádas tionachta, léiríonn anailís ón CSO go bhfuil difríocht shuntasach sna rátaí díothachta.

Stádas eacnamaíochta féintuairiscithe: 

Is iad is coitianta a bheith i ndíothacht fhorghníomhach ná daoine atá, dar leo féin, ‘gan a bheith in ann oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh’ (44.7%) nó dífhostaithe (37.8%). Is iad is annamha a bheith sa staid sin ná daoine a deir go bhfuil siad i bhfostaíocht (12.3%) nó ar scor (9.6%). As an sciar atá, dar leo féin, dífhostaithe, beagnach duine as cúigear acu siúd (18.5%) a bhí gan na hacmhainní chun a mbailte a choinneáil te a dhóthain. Lena hais sin, ba é an ráta do dhaoine nach raibh in ann oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh ná 16.1%. Duine as fiche atá, dar leo féin, fostaithe (5.0%) agus 4.5% dóibh siúd atá ar scor a bhí gan na hacmhainní chun a mbailte a choinneáil te a dhóthain.

Comhdhéanamh Líon Tí: 

Feictear rátaí díothachta níos airde i measc líonta tí aontuismitheora le clann – maireann 41.4% den dream seo i ndíothacht fhorghníomhach; tá 19.0% gan na hacmhainní chun a mbailte a choinneáil te a dhóthain; agus 27.2% a bhí gan na hacmhainní chun bualadh le gaolta nó cairde do bhéile nó deoch uair sa mhí.

Do dhaoine i líonta tí le beirt tuismitheoir agus suas le triúr páistí faoi 18 mbliana d’aois, maireann 17.7% i ndíothacht fhorghníomhach; tá 7.6% gan na hacmhainní chun a mbailte a choinneáil te a dhóthain; agus tá 14.2% gan na hacmhainní chun bualadh le gaolta nó cairde do bhéile nó deoch uair sa mhí.

Stádas Tionachta: 

Tá an ráta díothachta ceithre oiread níos mó i measc daoine a mhaireann i gcóiríocht ar cíos/saor ó cíos (36.5%) ná i measc daoine i gcóiríocht úinéir áitithe (8.8%). Bhí rátaí díothachta níos airde i measc daoine a mhaireann i gcóiríocht ar cíos/saor ó cíos do gach ceann de na 11 mír díothachta. Mar shampla, bhí duine as ceathrar (24.7%) a mhaireann i gcóiríocht ar cíos gan na hacmhainní chun bualadh le gaolta nó cairde do bhéile nó deoch uair sa mhí le hais 6.8% do dhaoine a mhaireann i gcóiríocht úinéir áitithe.

Níos deacra ar dhaoine a mhaireann i gcóiríocht ar cíos íoc as bunriachtanais

Iarradh ar líonta tí a dheacra is a mbíonn sé orthu íoc as bunriachtanais saoil, leis na freagraí féideartha: ‘an-deacair’; ‘deacair’; ‘measartha deacair’; ‘measartha éasca’; ’éasca’; ‘an-éasca’.

Deir beagnach leath de líonta tí (47.8%) go raibh deacracht éigean acu íoc as bunriachtanais saoil in 2023, sin le hais 50.4% in 2022. Lena hais sin, in 2021, ba é sin ag 41.8%.  Tá an sciar líonta tí a raibh sé an-deacair orthu íoc as bunriachtanais ardaithe de bheagán in 2023 agus a bhí in 2022, le 6.4% agus 5.5% faoi seach. Bhí deacracht éigin ag 72.1% de líonta tí aontuismitheora le páistí faoi 18 mbliana d’aois le híoc as bunriachtanais saoil le hais 33.5% de líonta tí de bheirt fásta agus duine díobh ar a laghad in aois 65 bliana nó níos sine. Ag breathnú ar stádas tionachta, feictear go bhfuair 14.2% de dhaoine i gcóiríocht ar cíos/saor ó cíos go raibh sé an-deacair íoc as bunriachtanais saoil le hais 2.8% i measc daoine i gcóiríocht úinéir áitithe.

Airgeadas agus Coigilteas Líonta Tí ag Deireadh Gnáthmhíosa

Fiafraíodh de líonta tí faoina gcuid cúrsaí airgeadais ag deireadh gnáthmhíosa agus is iad seo a leanas na roghanna freagraí a tugadh dóibh: ‘cuireadh airgead i dtaisce’; ‘bhí airgead ó choigilteas ag teastáil’; ‘bhí airgead a fháil ar iasacht ag teastáil’; ‘níor cuireadh airgead i dtaisce ná ní raibh airgead ó choigilteas ná airgead a fháil ar iasacht ag teastáil’.

Ag deireadh gnáthmhíosa, bhí níos mó ná leath (53.4%) de líonta tí in ann airgead a chur i dtaisce, bhí airgead ó choigilteas ag teastáil ó 5.6% agus bhí ar 3.4% airgead a fháil ar iasacht. Léirítear san anailís de réir stádas tionachta go raibh ar 1.4% de líonta tí a bhí áitithe ag úinéir airgead a fháil ar iasacht ag deireadh gnáthmhíosa i gcomparáid le 7.8% de líonta tí ar cíos nó saor ó chíos.

Fiafraíodh de líonta tí faoin achar a bheidís in ann an caighdeán maireachtála céanna a choinneáil trí úsáid a bhaint as coigilteas sa chás nach mbeadh aon ioncam á fháil acu (amhail pá, pinsean nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh). Is iad seo a leanas na roghanna freagraí a bhí acu ar an gceist sin: ‘níos lú ná trí mhí’; ‘trí mhí nó níos mó ach níos lú ná sé mhí’; ‘sé mhí nó níos mó ach níos lú ná 12 mhí’; ‘12 mhí nó níos mó’. Dúirt 49.0% de líonta tí nach raibh siad in ann an caighdeán maireachtála céanna a choinneáil ach ar feadh níos lú ná trí mhí agus dúirt 15.2% acu go raibh siad in ann an caighdeán maireachtála céanna a choinneáil ar feadh 12 mhí nó níos mó. 71.1% de líonta tí ar cíos nó saor ó chíos agus 38.5% de líonta tí a bhí áitithe ag úinéir a bhí in ann an caighdeán maireachtála céanna a choinneáil ar feadh níos lú ná trí mhí.

Ardú san ualach airgeadais bainteach le tithíocht ó 2021

Iarradh ar líonta tí cén ualach airgeadais dóibh a bhain le costais tithíochta.  B’iad na freagraí féideartha ná: ualach mór, ualach éigean, ualach ar bith.

Dúirt 30.6% de líonta tí in 2023 gur ualach mór a bhí i gcostais tithíochta, sin le hais 30.9% in 2022 agus 23.1% in 2021. Thit an sciar a deir gur ualach ar bith a bhí i gcostais tithíochta le trí bliana anuas, ag laghdú ó 29.6% in 2021 go 21.6% in 2022 agus 20.3% in 2023. Deir 41.2% de líonta tí i gcóiríocht ar cíos nó i gcóiríocht saor ó cíos gur ualach mór atá i gcostais tithíochta, le hais 25.6% de líonta tí ar úinéir-áititheoirí iad. 

Ualaítear torthaí an tSuirbhé bhliantúil ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) trí úsáid a bhaint as meastacháin daonra a ghintear ar bhonn leanúnach. Úsáideadh torthaí Dhaonáireamh 2022 chun meastacháin daonra do 2020 go 2022 a leasú agus mar gheall air sin leasaíodh torthaí an tSuirbhé SILC do na blianta 2020, 2021 agus 2022. Féach ar an Nóta Eolais [en] ina ndéantar comparáid idir na torthaí foilsithe agus na torthaí leasaithe.

Nótaí d'Eagarthóirí

Is é an suirbhé SILC a chuirtear ar líonta tí an fhoinse oifigiúil sonraí ar ioncam an líon tí agus ioncam aonair.  Ina theannta sin, is as SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí. Dírítear san fhoilseachán seo ar dhíothacht fhorghníomhach.

Bailíodh sonraí do SILC idir Eanáir agus Iúil 2023.

Inniu freisin (07 Márta 2024), eisíonn an CSO tuilleadh torthaí ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) don bhliain 2023. San áireamh, tá sonraí maidir le hioncam an líon tí agus le hioncam aonair, agus torthaí ar roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, mar shampla, an ráta i mbaol bochtaineachta, an rata bochtaineachta comhsheasmhaí, agus an ráta díothachta forghníomhaí. Tuilleadh torthaí ó SILC 2023 ar fáil, féach SILC 2023.

Mar chuid den phróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar mheastacháin daonra do SILC 2020 go 2022, trí úsáid a bhaint as sonraí Dhaonáireamh 2022, cuireadh athrú ar shainmhíniú an tagarmhairc daonra i bhfeidhm freisin. Faoi chreat-rialachán an AE maidir le Staidreamh Sóisialta Eorpach a Chomhtháthú, úsáidtear an líon iomlán den daonra a chónaíonn de ghnáth i líonta tí príobháideacha mar thagarmharcanna daonra SILC. Ní áirítear sna tagarmharcanna sin daoine atá ina gcónaí in eagrais chomhroinnte. Níos mó eolais ar fáil sna Nótaí Cúlra [en].

Sliocht atá sa leagan Gaeilge seo, tógtha ó fhoilseachán níos mó