Ioncam ainmniúil airmheánach diúscartha an líon tí de €46,999 in SILC 2022, méadú €528 (+1.1%) le hais na bliana roimhe
Ag tógáil 2019 mar bhonnbhliain don choigeartú boilscithe, meastar go raibh fíor-ioncam airmheánach diúscartha an líon tí de €46,076 in SILC 2022, sin laghdú €551 (-1.2%) le hais na bliana roimhe
Luach 4.0 leis an gcóimheas coda cúigile in SILC 2022, le hais 3.8 sa bhliain roimhe. Ciallaíonn sé seo go raibh ioncam an chúigiú chuid is saibhre den daonra ceithre huaire chomh mór le hioncam an chúigiú chuid is boichte in 2022
Ráta i mbaol bochtaineachta de 13.1% in 2022, le hais an ráta 11.6% in 2021
Dá bhfágfaí na tacaí ioncaim COVID-19 ar lár, bheadh ráta i mbaol bochtaineachta de 20.5% in 2022
In 2022, bhí 5.3% den daonra ag maireachtáil i mbochtaineacht chomhsheasmhach, le hais 4.0% in 2021
Sliocht atá sa leagan Gaeilge seo, tógtha ó fhoilseachán níos mó
Trácht an Staitisteora
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) torthaí inniu (22 Feabhra 2023) ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) le haghaidh 2022.
Suirbhé a chuirtear ar líonta tí atá sa SILC, ina bpléitear réimse leathan ceisteanna bainteach le hioncam agus dálaí maireachtála. Is é an SILC an fhoinse oifigiúil sonraí maidir le hioncam an líon tí agus le hioncam aonair. Ina theannta sin, is as an SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an rata bochtaineachta comhsheasmhaí. Is í an bhliain féilire 2021 an tréimhse tagartha do tháscairí ioncaim amháin in SILC 2022.
Déanann Eva O’Regan, Staitisteoir sa rannóg Ioncaim, Tomhaltais agus Maoine, trácht ar fhoilseachán an lae inniu:
“Léirítear i dtorthaí an lae inniu go raibh méadú ar ioncam an líon tí in SILC 2022 le hais na bliana roimhe ach gur laghdú praiticiúil a bhí ann, nuair a dhéantar coigeartú don bhoilsciú. Feictear ardú foriomlán ar an sciar daoine i mbaol bochtaineachta in 2022 le hais 2021, ach tá an leibhéal 2022 nach mór mar an gcéanna le leibhéal 2020. Tugtar aird san fhoilseachán ar rátaí arda ‘i mbaol bochtaineachta’ i measc dreamanna ar leith, sin iad: daoine nach bhfuil in ann oibriú de bharr riocht sláinte fadtéarmach; daoine dífhostaithe; líonta tí aontuismitheora; agus iad siúd i gcóiríocht ar cíos.
Gan aon fhíor-ardú ar ioncam an líon tí in 2022
Do SILC 2022, áirítear ioncam ainmniúil airmheánach diúscartha an líon tí ag €46,999, méadú €528 (+1.1%) le hais figiúr na bliana roimhe, sin €46,471. Ag coigeartú don bhoilsciú le 2019 mar bhonnbhliain, áfach, meastar go raibh fíor-ioncam airmheánach diúscartha an líon tí de €46,076 in SILC 2022 (don tréimhse tagartha Eanáir go Nollaig 2021), sin laghdú €551 (-1.2%) le hais na bliana roimhe. Chun teacht ar ghluais téarmaí in úsáid don tsraith seo, féach Survey on Income and Living Conditions Fact Sheet (PDF 497KB) .
Ar bhonn seachtainiúil, léiríonn SILC 2022 go bhfuair líonta tí €1,321 ar an meán (85.2% den ollioncam seachtainiúil) ó fhoinsí ioncaim margaidh[1], amhail fostaíocht, pinsean ceirde, pinsean príobháideach nó ioncam eile. Ina theannta sin, fuair líonta tí €229 ar an meán (an 14.2% eile den ollioncam seachtainiúil) ó aistrithe shóisialta. Tar éis cánacha, ranníocaíochtaí árachais shóisialaí, ranníocaíochtaí pinsin agus aistrithe íoctha idir líonta tí, sheas meánioncam diúscartha seachtainiúil an líon tí ag €1,083. Ní mór a thabhairt san áireamh, áfach, go raibh mórán difríochta ó dheicíl go deicíl, sé sin ag dáileadh líonta tí i ndeich chuid leis an oiread céanna líon tí, rangaithe ón ioncam diúscartha is lú go dtí an ceann is mó.
I gcás an chéad deicíle (.i. an sciar 10% de líonta tí leis an ioncam diúscartha is lú), bhí ollioncam ainmniúil de €250 ar an meán acu. Áirítear air seo €26 ar an meán (10.5% den ollioncam seachtainiúil) ó ioncam margaidh agus €224 ar an meán (an 89.5% eile den ollioncam seachtainiúil) ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, bhí ioncam diúscartha de €243 sa tseachtain, ar an meán, ag na líonta tí seo.
Maidir leis an gcúigiú deicíle (.i. lárphointe an dáileadh ioncaim), bhí ollioncam ainmniúil de €1,058 ar an meán acu. Áirítear air seo €768 ar an meán (sciar 72.5%) ó ioncam margaidh agus €291 ar an méan (sciar 27.5%) ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, bhí ioncam diúscartha de €826 sa tseachtain, ar an meán, ag na líonta tí seo.
Nuair a thagann sé chuig an deichiú deicíle (.i. an dream is mó ioncaim), bhí ollioncam ainmniúil de €4,741 ar an meán acu. Áirítear air seo €4,604 ar an meán (sciar 97.1%) ó ioncam margaidh agus €138 ar an méan (sciar 2.9%) ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, bhí ioncam diúscartha de €2,865 sa tseachtain, ar an meán, ag líonta tí an deichiú deicíle.
[1] Cuirtear árachas sóisialta an fhostóra agus ranníocaíochtaí pinsin an fhostóra san áireamh chun críche sainmhíniú SILC ar mhargadh ioncaim.
Ceithre oiread níos mó ioncam ag an 20% is saibhre le hais an 20% is boichte
Bhí luach 4.0 leis an gcóimheas coda cúigile in SILC 2022, le hais 3.8 sa bhliain roimhe. Ciallaíonn sé seo go raibh ioncam an chúigiú chuid is saibhre den daonra ceithre huaire chomh mór le hioncam an chúigiú chuid is boichte.
Déantar comhionannas ioncaim thairis an dáileadh ioncaim foriomlán a mheas leis an gcomhéifeacht Gini. De réir an slat tomhais seo, b'ionann 0% agus comhionannas foirfe (.i. go raibh an t-ioncam roinnte go cothrom i measc an iomlán daoine) agus b'ionann 100% agus neamhchomhionannas foirfe (.i. go raibh an t-ioncam ar fad i sheilbh duine amháin). In SILC 2022, bhí comhéifeacht Gini de 28.0%, le hais 27.0% an bhliain roimhe.
Aon trian de dhaoine fásta i mbaol bochtaineachta
In 2022 bhí ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 13.1% ann, le hais 11.6% in 2021 agus 13.2% in 2020.
Ag breathnú ar chúinsí ar nós stádas fostaíochta, comhdhéanamh líon tí agus stádas tionachta, feictear mórán difríochtaí suntasacha.
Stádas fostaíochta féintuairiscithe: Tá breis is aon trian de daoine i ndá chatagóir, dífhostaithe (35.6%) agus gan a bheith in ann oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh (35.2%) i mbaol bochtaineachta de réir torthaí SILC 2022. Lena hais sin, bhí ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 5.8% i measc daoine a dúirt go raibh siad fostaithe.
Comhdhéanamh líon tí: Bhí ráta 'i mbaol bochtaineachta' níos airde i measc líonta tí le duine fásta amháin. Thart ar aon trian de daoine le cónaí i líon tí leo féín i mbaol bochtaineachta dar le SILC 2022; 33.6% de dhaoine aonair in aois 65 bliana nó níos sine agus 32.0% de dhaoine aonair faoi bhun 65 bliana. Taifeadadh an ráta is lú a bheith ag daoine le cónaí i líon tí ina raibh 3+ duine fásta (4.7%).
Stádas Tionachta: Tá baol bochtaineachta níos mó i measc daoine a mhaireann i gcóiríocht ar cíos/saor ó cíos (23.6%), agus níos lú i measc daoine i gcóiríocht úinéir-áitithe (8.7%).
Duine as fiche ag maireachtáil i mbochtaineacht
Sainítear daoine a bheith i mbochtaineacht chomhsheasmhach má tá siad i mbaol bochtaineachta agus i ndíothacht fhorghníomhach. In SILC 2022, bhí ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 5.3% ann, le hais 4.0% an bhliain roimhe.
Ag déanamh cíoradh de réir comhdhéanamh líon tí, feictear gur ag daoine i líonta tí le duine fásta amháin faoi bhun 65 bliana agus i líonta tí aontuismitheora le clann a bhí na rátaí bochtaineachta comhsheasmhaí is mó (14.5% agus 14.1% faoi seach). Taifeadadh an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí ba lú a bheith ag daoine ag cónaí i líon tí de bheirt fásta agus duine díobh ar a laghad in aois 65 bliana nó níos sine. Ag breathnú ar stádas tionachta, feictear ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 11.7% ag daoine i gcóiríocht ar cíos, le hais 1.6% de daoine i gcóiríocht úinéir-áitithe.
Tionchar na dTacaí Ioncaim COVID-19
Gan na tacaí ioncaim COVID-19 [2], bheadh ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 20.5% in 2022 (ag úsáid an gnáth-shlat tomhais do 'i mbaol bochtaineachta').
De réir aoise, feictear tionchar níos suntasaí ag na tacaí ioncaim COVID-19 ar na haoisghrúpaí is óige in SILC 2022. An difear is mó is ea daoine 18-34 bliana d'aois, óir gur laghdaíodh an baol bochtaineachta dóibh breis is naoi bpointe céatadáin ó 17.1% gan tacaí go 7.8% le tacaí san áireamh. Chonacthas difear nach mór chomh mór i measc daoine 0-17 mbliana d'aois - ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 24.2% gan tacaí, ach 15.2% le tacaí san áireamh. Is iad daoine 65 bliana d'aois agus níos sine ba lú a d'imir na tacaí ioncaim COVID-19 tionchar orthu i SILC 2022, leis an ráta 'i mbaol bochtaineachta' ag 20.0% gan tacaí, agus 19.0% le tacaí san áireamh.
[2] Ioncam ón Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (ÍDP/PUP), ón Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) agus ón Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF)
Nótaí d'Eagarthóirí
Is é an suirbhé SILC a chuirtear ar líonta tí an fhoinse oifigiúil sonraí ar ioncam an líon tí agus ioncam aonair. Ina theannta sin, is as SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí. Dírítear san fhoilseachán seo ar tháscairí bainteach le hioncam. Tá fáil ar thorthaí faoin díothacht fhorghníomhach i bhfoilseachán ar leith, SILC 2022 – Díothacht Fhorghníomhach.
Eisíodh an foilseachán SILC 2022 – Díothacht Fhorghníomhach i Samhain 2022, sular críochnaíodh próiseáil na sonraí ioncaim. Rinneadh é seo chun staitisticí ar líonta tí a chur ar fáil ar bhonn níos tráthúla. Tá leasú déanta ar na luachanna ualaithe agus, dá bharr sin, ar na meastacháin san fhoilseachán céanna. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ráta díothachta forghníomhaí de 17.7% ann do 2022, níos airde ná an ráta 17.1% a chéad tuairiscíodh. Féach Nóta Eolais anseo.