Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Míreanna Fuaime

Míreanna Fuaime

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn
Census Results 2022 Branding
Torthaí Dhaonáireamh 2022

Is cuid de shraith torthaí ó Dhaonáireamh 2022 an foilseachán seo. Foilseofar tuilleadh foilseacháin théamacha le linn 2023 mar atá leagtha amach sa Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.

Sna míreanna fuaime a leanas déanann Eoin Flaherty, Staisteoir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) trácht ar an bhfoilseachán 'Próifíl 1 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra' agus ar shonraí gaolmhara.

Cuirtear fáilte roimh na meáin leas a bhaint as na míreanna seo chomh fada is a luaitear an Oifig seo leo.

Daonra na Gaeltachta/na Limistéar Pleanála Teanga

"Bhí ós cionn céad’s a sé míle duine (106,000) ina gcónaí sa Ghaeltacht anuraidh – sé sin, sna fiche sé Limistéir Pleanála Teanga ar fud na tíre. B’shin méadú seacht faoin gcéad i gcomparáid le dhá mhíle’s a sé deag (2016). Ach bhí méadú níos mó i gceantair áirid – mar shampla, i dtrí limistéir i gContae na Gaillimhe: Maigh Cuilinn, Cois Fharraige agus Bearna, agus Cnoc na Cathrach. Bhí méadú aon deag faoin gcéad – nó beagnach trí mhíle duine san iomlán – ar an daonra sna ceantair seo ó dhá mhíle’s a sé deag (2016) i leith. B’ionann an méadú sin agus ceathracha a dó faoin gcéad (42%) den difríocht iomlán sa daonra Gaeltachta idir 2016 agus 2022."

Cainteoirí Laethúla sna Limistéir Pleanála Teanga

"Tháinig laghdú beag ar an gcéatadán de phobal na Gaeltachta a bhí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge idir 2016 agus 2022. Anuraidh, naoi deag faoin gcéad (19%) de dhaonra iomlán na Gaeltachta a bhí ina gcainteoirí laethúla. Bhí ceann des na céatadáin cainteoirí laethúla ab’aoirde sa tír ag Ceantar na nOileán i 2016 – b’shin 70%. Tá sé suntasach a thabhairt faoi ndeara gur léirigh Daonáireamh 2022 go raibh an céatadán sin titithe go dtí 62%."

Próifíl Aoise na mBailte Gaeltachta

"Bhí pobal Dhaingean Uí Chúis i gContae Chiarraí ar cheann des na pobail ba shine in Éirinn anuraidh. B’é meán aois mhuintir an bhaile sin ná ceithre bliana is dhá scór. Bhí meán aois I bhfad níos óige ag Baile Chláir na Gaillimhe – 31.9 bliana. Bhí pobal Bhaile Chláir ar cheann des na pobail ab’óige sa tír. Tháinig méadú seacht faoin gcéad (7%) ar dhaonra iomlán na Gaeltachta idir 2016 agus 2022. Ach níl an méadú sin le feiceáil i ngach aoisghrúpa. Thárla titim sé faoin gcéad (6%) ar líon na ndaoine sna triochaidí agus líon na bpáistí faoi aois a deich sa tréimhse céanna."