Is cuid de shraith torthaí ó Dhaonáireamh 2022 an foilseachán seo. Foilseofar tuilleadh foilseacháin théamacha le linn 2023 mar atá leagtha amach sa Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.
Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) athbhreithniú ar na teorainneacha geografacha tar éis gach daonáirimh, i.e. gach cúig bliana. Mar chuid den athbhreithniú is déanaí a bhí ar bun tar éis Dhaonáireamh 2016, ardaíodh scrúdú níos leithne a dhéanamh ar theorainneacha uirbeacha i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara. Chuige seo, bunaíodh grúpa oibre in 2019 idir an Phríomh-Oifig Staidrimh, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (atá anois mar chuid de Thailte Éireann). D’aontaigh na trí eagraíocht go ndéanfaidh siad scrúdú ar theorainneacha uirbeacha in Éirinn agus forbraíodh agus aontaíodh modheolaíocht fhoirmiúil.
Mar thoradh ar obair an ghrúpa oibre sin, cruthaíodh samhail tíreolaíochta uirbí nua ar a dtugtar Limistéir Faoi Fhoirgnimh (LFFanna). Úsáideadh an samhail sin chun sonraí ceantar uirbeacha a thiomsú i dtorthaí Dhaonáireamh 2022. Ceapadh gach LFF bunaithe ar chnuasach forbartha uirbí agus léiríonn na teorainneacha orthu fairsinge talún in úsáid chun críocha uirbeacha. D’fhonn fáil réidh leis an mbaol atá le nochtadh staidrimh, tá na LFFanna comhdhéanta ina n-iomláine de Cheantair Bheaga Staitistiúla (CBSanna) iomlána. Rinneadh athbhreithniú ar leith ar na CBSanna i ndiaidh an daonáirimh dheireanaigh. Maidir le LFFanna agus fairsinge a dteorainneacha a aithint, gintear iad sin trí úsáid a bhaint as algartam oibiachtúil atá dírithe ar chnuasaigh foirgneamh agus ar úsáid talún uirbí ar fud an stáit.
Ó tharla go sainítear LFFanna ar bhealach difriúil i gcomparáid leis na Lonnaíochtaí a úsáideadh i nDaonáireamh 2016, ní féidir comparáid a dhéanamh orthu go díreach. Is í an phríomhdhifríocht idir LFFanna agus Lonnaíochtaí Dhaonáireamh 2016 ná go bhfuil LFFanna bunaithe ar shainmhíniú úsáide talún agus go raibh na Lonnaíochtaí bunaithe níos mó ar dhlús an daonra. Ciallaíonn sé sin go raibh níos mó spásanna glasa sna Lonnaíochtaí ná mar atá sna LFFanna. Is iad na LFFanna a bheidh mar aonaid thíreolaíochta uirbí do thorthaí Dhaonáireamh 2022 agus úsáidfear iad sna foilseacháin théamacha agus i dtáirgí staidrimh eile. Tá an daonra iomlán ó Dhaonáireamh 2022 do Lonnaíochtaí 2016 ar fáil mar chuid de Phróifíl 1, ach tá sé sin curtha ar fáil chun críocha comparáide amháin. Ní fhoilseofar aon sonraí eile i leith na Lonnaíochtaí toisc go mbeadh baol nochta staidrimh ag dul lena leithéid.
I stair na ndaonáireamh in Éirinn, sainmhíníodh bailte ar bhealaí éagsúla. Maidir le daonáirimh 1926 go 1951, is é an sainmhíniú a tugadh ar bhaile daonáirimh ná cnuasach de 20 teach nó níos mó agus fágadh teorainneacha na mbailte faoi rogha an áiritheora aonair lena mbaineann. Mar chuid den athbhreithniú ginearálta ar bhailte do dhaonáireamh 1956, dréachtaíodh teorainneacha na mbailte daonáirimh i gcomhairle leis na hÚdaráis Áitiúla éagsúla a chuir prionsabail chomhchoiteanna i bhfeidhm i ngach chuid den stát. Ina dhiaidh sin, athraíodh an sainmhíniú ar bhaile daonáirimh i ndaonáireamh 1956, ó 20 teach go 20 teach áitithe; úsáideadh an sainmhíniú sin freisin i nDaonáirimh 1961 agus 1966.
Ó 1971 go 2006, tugadh baile daonáirimh ar chnuasach de 50 teaghais áitithe nó níos mó, áit a raibh 30 teaghais áitithe laistigh de gha 800 méadar (ar an dá thaobh de bhóthar, nó 20 teach ar thaobh amháin de bhóthar), mar aon le lárionad uirbeach a raibh rian soiléir de ann (m.sh. siopa, scoil, áit adhartha ar nós seipéil nó ionad pobail). Le himeacht ama, cuireadh síneadh leis na bailte daonáirimh agus tosaíodh ag áireamh teaghais áitithe laistigh de 200 méadar ón teorainn mar a bhí go dtí sin.
Chun a chinntiú nach dtiocfadh bailte cóngaracha le chéile mar ceirtleáin de réir ama, rinneadh critéir Dhaonáireamh 2011 níos doichte, i gcomhréir le critéir na Náisiún Aontaithe. D’fhág sé seo nár áiríodh roinnt teaghaisí aonuaire ísealdlúis ar bhóithre isteach chuig bailte i dteorainneacha na mbailte sin.
I nDaonáireamh 2016, sainmhíníodh baile nó Lonnaíocht nua Daonáirimh mar bhaile ina raibh 50 teaghais ar a laghad a raibh cónaí iontu, le hachar 100 méadar ar a mhéid idir aon teaghais agus an foirgneamh is gaire de, agus áit ina raibh fianaise go raibh lárionad uirbeach ann (siopa, scoil, srl.). San eagrán daonáirimh sin, leasaíodh freisin na critéir ghaireachta chun teorainneacha na mbailte daonáirimh mar a sainíodh in 2006 a leathnú chuig gach teaghais áitithe laistigh de 100 méadar d'fhoirgneamh a bhí san áireamh cheana féin. Cuireadh faisnéis eile bunaithe ar léarscáiliú Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann agus grianghrafadóireacht ortagánach san áireamh freisin agus teorainneacha á leathnú. Rinneadh síntí teorann chun an dáileacht talún ar ar tógadh teaghais a chur san áireamh nó trí úsáid a bhaint as gnéithe fisiceacha eile amhail bóithre, cosáin, srl.
Roimh Dhaonáireamh 2016, ba nós ag an bPríomh-Oifig Staidrimh sonraí daonáirimh a fhoilsiú le haghaidh na mbailte dleathacha (.i. bailte a raibh comhairle baile sannta dóibh i reachtaíocht). Scriosadh an 80 baile dlí mar chuid den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014.
Is sampla é forbairt na LFFanna den dea-chleachtas ar fud na n-institiúidí sibhialta, an comhoibriú a mhéadú agus toradh níos fearr a chur ar fáil do na saoránaigh, ranna agus gníomhaireachtaí araon a úsáideann sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh le haghaidh cinnteoireachta. Maidir le Daonáireamh 2022, agus úsáid á baint as na LFFanna, sainmhínítear limistéir uirbeacha go hoibiachtúil, ag baint úsáide as teicneolaíocht ó chóras faisnéise geografaí (GIS) agus modheolaíocht arna comhaontú ag grúpa idir-rialtasach.
Tá tuilleadh eolais faoi LFFanna, lena n-áirítear an réasúnaíocht agus an mhodheolaíocht chun iad a fhorbairt le fáil thíos.
Tá físeán léirithe [i mBéarla] maidir le Cur i Láthair Faisnéise Teicniúil ar fáil freisin.
Tá na Cruthchomhaid na LFFanna ar fáil ar shuíomh gréasáin Thailte Éireann (Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann mar a bhí).
Samhail nua don thíreolaíocht uirbeach staitistiúil is iad Limistéir faoi Fhoirgnimh (LFFanna) arna sainiú mar chuid de Dhaonáireamh 2022. Tá gach LFF bunaithe ar cheantair bheaga a chomhcheangal chun lorg na n-ionad uirbeach ar fud na hÉireann a aithint. Gintear na teorainneacha nua LFF ag baint úsáide as algartam oibiachtúil lena aithnítear agus lena ghrúpáiltear cnuasaigh foirgneamh ar fud an Stáit le chéile.
Is iad seo a leanas na príomhdhifríochtaí idir Lonnaíochtaí agus LFFanna:
1) Na critéir a úsáidtear chun iad a shainmhíniú
2) Conas a tharraingítear iad
Maidir leis an gcaoi a dtarraingítear iad, tharraing foireann an CSO lonnaíochtaí de láimh tar éis an daonáirimh, ach tarraingíonn Tailte Éireann LFFanna go huathoibríoch. Tá na critéir an-chosúil lena chéile. Úsáideadh 50 teaghais áitithe mar thúsphointe leis na lonnaíochtaí, ach ar an lámh eile, úsáidtear 100 foirgneamh, ní hamháin teaghaisí, chun LFFanna a aithint.
Socraíodh an mhodheolaíocht idir an Phríomh-Oifig Staidrimh, Suirbhéireacht Ordnáis Éireann (Tailte Éireann mar atá anois) agus Ranna Rialtais eile, an Roinn Rialtais Áitiúil ina measc.
Tá go leor bealaí ann chun 'limistéir uirbeacha' a shainmhíniú, is iad seo a leanas an dá bhealach is coitianta:
1) Sainmhíniú ar chumhdach talún (m.sh. léirítear limistéir uirbeacha ag % áirithe de chlúdach talún saorga)
2) Sainmhíniú daonra (m.sh. léirítear limistéir uirbeacha ag dlús daonra áirithe agus/nó daonra iomlán)
Oireann sainmhínithe éagsúla d'úsáideoirí agus do chuspóirí éagsúla, léiríonn LFFanna sainmhíniú ar chumhdach talún, agus léiríonn Lonnaíochtaí sainmhíniú daonra, níl iontu ach bearta difriúla den ábhar céanna.
Cuireadh deireadh le Bailte Dlí in 2014 tar éis an tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil a rith. Mar fhreagra ar riachtanais úsáideoirí, rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh athbhreithniú ar Lonnaíochtaí lena chinntiú go bhfuil siad ag teacht le Bailte Dlí a mhéid is féidir. Cuirfidh an Phríomh-Oifig Staidrimh figiúirí iomlána daonra le haghaidh 2022 ar fáil trí úsáid a bhaint as teorainneacha Lonnaíochta 2016 chun comparáidí a éascú d'úsáideoirí, ach is iad na LFFanna an príomhbhonn ar a dtuairiscíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh daonraí bailte do Dhaonáireamh 2022 agus is é sin an tíreolaíocht uirbeach a úsáidfidh an Phríomh-Oifig Staidrimh chun sonraí tréithe mionsonraithe a chur ar fáil.
Tá an dá shainmhíniú an-chosúil lena chéile, tá níos lú spás glas timpeall ar imeall LFFanna ná mar atá timpeall ar lonnaíochtaí.
De bhrí go sainmhínítear iad ar bhealach difriúil, ní bheidh na figiúirí daonra ag teacht go díreach lena chéile idir Lonnaíochtaí agus LFFanna. Is féidir le húsáideoirí an figiúr/sainmhíniú is oiriúnaí dá gcás a úsáid, ach is é LFF an príomhbhealach a dtabharfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh tuairisc ar shonraí uirbeacha do Dhaonáireamh 2022.
I nDaonáireamh 2016, bhí 874 lonnaíocht ann. Tá 867 LFF/Baile ina n-ionad i nDaonáireamh 2022. Bhí líon beag lonnaíochtaí ann nach bhféadfaí a athchruthú toisc go bhfuil ceanglas ar Cheantair Bheaga Staitistiúla (CBSanna) cloí le Toghranna na Príomh-Oifige Staidrimh (Toghroinn CSO). Tá Toghranna áirithe de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh tógtha go hiomlán ar CBSanna agus, dá bhrí sin, ní raibh sé indéanta iad sin a scoilteadh ná a athdhréachtú.
Tháinig an cás seo chun cinn toisc go bhfuil an LFF/Baile déroinnte ag Toghroinn de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh agus go bhfuil na codanna a thagann as sin róbheag le bheith ina gCeantair Bheaga Staitistiúla (CBSanna). Is iad na CBSanna an bloc tógála do na LFFanna/Bailte agus ní mór dóibh ordlathas Thoghranna na Príomh-Oifige Staidrimh a urramú. Is é aidhm na LFFanna/Bailte staidrimh a chinntiú faoi rún agus baintear é sin amach trí theorainneacha geografacha a neadú. I nDaonáireamh 2016, níorbh amhlaidh an cás don chaidreamh idir Lonnaíochtaí agus Toghranna. De ghnáth, ní chuirtí CBS san áireamh sa LFF toisc (1) nár comhlíonadh critéir LFF, (2) rinne Toghroinn de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh é agus/nó (3) athraíodh an CBS nuair a athbhreithníodh é agus níl sé sa LFF a thuilleadh.
Tá LFFanna anois mar chuid lárnach de cheantair bheaga staitistiúla na Príomh-Oifige Staidrimh (CBS), toisc gur meascán é de cheantair bheaga staitistiúla a shainíonn limistéir faoi fhoirgnimh. Tar éis gach daonáirimh, déantar athbhreithniú ar cheantair bheaga staitistiúla lena chinntiú go dtagann siad laistigh de theorainneacha comhaontaithe. Beidh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha LFFanna (mar go mbaineann siad le cruth na gceantar beag staitistiúil) tar éis gach seal daonáirimh amach anseo.
Déantar athbhreithniú ar gach teorainn staitistiúil tar éis gach daonáirimh chun a chinntiú go bhfuil siad laistigh de lamháltais chomhaontaithe i dtéarmaí líon na dteaghaisí agus/nó an daonra iomlán atá ina gcónaí ann. Gach seal, déantar athruithe agus cuirtear iad seo in iúl d'úsáideoirí.
Níl. Is cuid neamhspleách é Toghranna na Príomh-Oifige Staidrimh (Toghranna) a chruthú agus dearadh é chun a chinntiú go bhfuil an tsraith Toghranna ag teacht leis an tsraith a shainítear go dlíthiúil agus ag an am céanna a chinntiú go gcomhlíonann siad íos-iomlán daonra agus go bhfuil siad oiriúnach chun staitisticí a scaipeadh. Neadaíonn ceantair bheaga (agus limistéir faoi fhoirgnimh) Toghranna na Príomh-Oifige Staidrimh, ní a mhalairt.
Comhaontaíodh an sainmhíniú ar LFFanna i gcomhairle le comhpháirtithe lena n-áirítear an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Dearadh an mhodheolaíocht go príomha chun monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt uirbeach sa todhchaí agus cosaint i gcoinne nochtadh staitistiúil. Chun tuiscint a fháil ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag athbhreithnithe teorann daonáirimh ar bheartais agus ar chinntí, ba cheart d'úsáideoirí dul i gcomhairle leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Mar a míníodh anseo thuas, aontaíodh an mhodheolaíocht seo idir an CSO, an Roinn Rialtais Áitiúil, agus Tailte Éireann. Úsáidtear teicneolaíocht nua-aimseartha chun teorainneacha a shainiú go hoibiachtúil bunaithe ar shainmhíniú ar chumhdach talún. Tá an CSO muiníneach go bhfuiltear tagtha ar réiteach éifeachtach leis an modheolaíocht seo chomh fada is a bhaineann sé le teorannacha na gceantair uirbeacha a athbhreithniú sa todhchaí. Rud tábhachtach, cuireann sé deireadh freisin leis an riosca a bhaineann le nochtadh staitistiúil.