Ba é an cuspóir a bhí leis liosta d’ainmneacha agus de sheoltaí daoine a bhí ina gcónaí in Éirinn ag an am a chur ar fáil don Roinn Soláthairtí, ionas go bhféadfaí leabhair chiondála bia agus éadaí aimsir an chogaidh a eisiúint. Ba í an Roinn Tionscail agus Tráchtála a bhí freagrach as tiomsú an Chláir Daonra.
Cé nach daonáireamh a bhí ann, d’fhoilsigh brainse staidrimh na Roinne tuarascáil ar anailís a rinneadh ar an bhfaisnéis faoin daonra a bailíodh sa chlár. I measc na sonraí a bailíodh bhí ainm, seoladh, dáta breithe agus stádas pósta. Tá foirm bhán an Chláir Daonra le feiceáil in Aguisín A den tuarascáil.
Ba é Emergency Powers (No. 116) Order, 1941 bunús dlí an Chláir Daonra. Tá an t-ordú le feiceáil freisin in Aguisín A den tuarascáil.
Tuairisc Chlár Daonra 1941 - [EN]
Táblaí Clár Daonra 1941 - [EN]
Aguisíní Clár Daonra 1941 - [EN]
Bhí daonáireamh ann in 1936, tráth a mbíodh daonáirimh á reáchtáil gach 10 mbliana. Reáchtáladh an chéad daonáireamh eile in 1946. Tá daonáirimh á reáchtáil in Éirinn gach cúig bliana ó 1951 i leith. Tá na tuarascálacha sin ar fáil ar an leathanach Tuarascálacha Stairiúla.