Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Ar mhaith leat a bheith páirteach i bhfoireann Dhaonáireamh 2027?

Cuirfidh an Phríomh-Oifig Staidrimh tús leis an gcéad chéim den earcaíocht le haghaidh Fhoireann Allamuigh Dhaonáireamh 2027 an 22 Aibreán 2026. Glacfar le hiarratais ar líne ar an suíomh gréasáin census.ie le haghaidh na ról mar Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh agus Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh.

Is é census.ie suíomh gréasáin tiomnaithe na Príomh-Oifige Staidrimh do Dhaonáireamh 2027. Beidh an suíomh sin beo ag deireadh mhí an Mhárta 2026, agus beidh tuilleadh eolais faoi na poist sin ar fáil air an uair sin.

Beidh trí earcaíocht ar leith ar siúl in 2026 agus seo a leanas iad:

  • 6 Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh – 22 Aibreán 2026
  • 46 Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh – 22 Aibreán 2026
  • 466 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh – 7 Meán Fómhair 2026
  • 3,800 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh – 23 Samhain 2026

Tá poist ar fáil ar fud na tíre. Baineann tréimhsí éagsúla leis na conarthaí éagsúla.

Oifigigh Idirchaidrimh Daonáirimh agus Maoirseoirí Réigiúnacha Daonáirimh

Beidh Oifigigh Idirchaidrimh Daonáirimh freagrach as Daonáireamh 2027 a reáchtáil go rathúil sa limistéar a shannfar dóibh. Bainisteoidh siad foireann de 6-8 Maoirseoir Réigiúnacha Daonáirimh a mbeidh gach duine acu freagrach as limistéar réigiúnach. Feidhmeoidh siad mar nasc ríthábhachtach idir Foireann Cheanncheathrú an Daonáirimh i Sord agus oibríocht allamuigh an daonáirimh. Áirítear leis sin monatóireacht ghéar a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le foirmeacha daonáirimh a fhaightear ar ais, treoir a chur ar fáil, treoracha ón gceanncheathrú a chur in iúl d’fhoirne allamuigh, agus fadhbanna oibríochtúla laethúla a réiteach. Beidh siad lonnaithe in Oifig Cheanncheathrú an Daonáirimh i Sord.

Sannfar ceann de na 46 réigiún daonáirimh atá sa tír do gach Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh agus beidh siad freagrach as an daonáireamh a reáchtáil go rathúil sa réigiún sin.  Bainisteoidh siad foireann de 10-13 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh (a mbeidh foireann Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh ag gach duine acu) agus déanfaidh siad maoirseacht ghéar ar an dul chun cinn i ngach limistéar allamuigh ábhartha. Déanfar an ról seo faoi threoir an Oifigigh Idirchaidrimh Daonáirimh.

Beidh comórtas earcaíochta amháin ann ar an 22 Aibreán le haghaidh na ról mar Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh agus Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh araon. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar cheachtar ról nó ar an dá ról. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an 6 Bealtaine 2026.

Oibreoidh na hiarrthóirí a n-éiríonn leo ar bhonn lánaimseartha ar chonradh naoi mí ó Mheán Fómhair/Dheireadh Fómhair 2026 go Meitheamh 2027.

Earcaíochtaí amach anseo

An 7 Meán Fómhair, cuirfear tús leis an gcéad chéim eile den earcaíocht le haghaidh 466 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh ar fud na tíre. Conradh 20 seachtain a bheidh ann a thosóidh in Eanáir 2027.

An 23 Samhain, cuirfear tús leis an gcéim dheireannach den earcaíocht le haghaidh 3,800 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh (Áiritheoirí Daonáirimh roimhe seo) i ngach limistéar den tír. Conradh 8 seachtaine a bheidh ann in Aibreán-Bealtaine 2027.

Déanfar gach iarratas ar líne ar census.ie.

Má tá aon cheist agat faoin earcaíocht don daonáireamh, déan teagmháil linn ag census2027recruitment@cso.ie.