An mbeidh an Daonáireamh ag dul ar aghaidh in 2021?
Tá cinneadh glactha ag an Rialtas, i gcomhairle leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), chun an Daonáireamh a bhí beartaithe a dhéanamh in Aibreán 2021 a chur siar aon bhliain. Is é an dáta nua atá socraithe don Daonáireamh ná Dé Domhnaigh an 3 Aibreán 2022.
Preasráiteas - Daonáireamh 2021 curtha siar
Cén fáth ar cuireadh an Daonáireamh siar go hAibreán 2022?
Beartaíodh an Daonáireamh a chur siar ar roinnt chúiseanna. Ba é an rud is tábhachtaí agus cinneadh á dhéanamh ná sábháilteacht a chinntiú don phobal i gcoitinne agus don líon 5,500 duine ar an bhfoireann allamuigh daonáirimh. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach daonáireamh a reáchtáil leis an ráta freagartha is airde gur féidir a fháil i measc gach dream sa Stát, lena n-áirítear grúpaí eitneacha, catagóirí socheacnamaíocha, srl.
I dteannta na ceisteanna slándála, tá dúshláin shuntasacha tagtha chun cinn leis an éiginnteacht atá eascartha as an bpaindéim agus na bearta cosanta sláinte poiblí a bhaineann léi. Áirítear orthu seo dúshláin i ngníomhaíochtaí lárnacha amhail earcaíocht, oiliúint, lóistíocht agus bailiú sonraí daonáirimh.
Bíonn gá le teagmháil aghaidh ar aghaidh idir áiritheoirí agus freagróirí (m.sh. sealbhóir tí nó bainisteoir ar áitreabh comhchoiteann) chun ardleibhéal freagartha a chinntiú. Gnéithe riachtanacha de thorthaí aon daonáirimh iad ardleibhéal freagartha agus sonraí láidre iontaofa.
Céard iad na bearta cosanta agus nósanna imeachta gur gá cur in áit ionas gur féidir an Daonáireamh a dhéanamh in 2022?
Tá an Daonáireamh ar cheann de na tograí seirbhíse poiblí is mó a eagraítear thar ceann an Stáit. Ar mhaithe le réiteach a dhéanamh don Daonáireamh in 2022, tá próisis agus nósanna imeachta nua á bhforbairt ag an Oifig chun a chinntiú go gcosnófar baill an phobail agus foireann allamuigh na hOifige le linn na hoibre allamuigh. Leanfaidh an Oifig treoirlínte sláinte poiblí ón Rialtas le linn na tréimhse seo ar fad agus cuirfimid trealamh cosanta pearsanta (PPE) oiriúnach ar fáil don fhoireann allamuigh. Cuirfear oiliúint ar bhaill foirne maidir le dea-chleachtas COVID-19 chomh maith. Tá sé beartaithe feachtas feasachta a rith don Daonáireamh agus roinnfear sonraí lena linn maidir leis na bearta cosanta sláinte poiblí a bheas in áit ag an Oifig.
Cá huair a mbeidh na chéad torthaí eile ón Daonáireamh ar fáil?
De réir an amchlár nua, cuirfear réamhthorthaí ar fáil i lár 2022 agus foilseofar torthaí críochnúla ar bhonn céimnitheach idir Aibreán agus Nollaig 2023.
Leis an Daonáireamh curtha siar bliana, céard iad na himpleachtaí maidir leis an Aontas Eorpach?
Tá ceangal ar an Stát faoi Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh sonraí Daonáirimh a thraschur go Eurostat (áisíneacht staidrimh an Choimisiúin Eorpaigh). Caithfidh dáta tagartha sa bhliain 2021 a bheith leis na sonraí seo agus tá spriocdháta iad a thraschur faoi Márta 2024. Rachaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh i ndlúthchomhairle le Eurostat chun an tionchar a bheas ag athsceidealú dháta an Daonáirimh a mhaolú. Ina theannta sin, tá sé i gceist ag an Oifig modheolaíochtaí agus foinsí sonraí éagsúla a mheas chun riachtanais tuairiscithe Eurostat a shásamh.
Céard atá á dhéanamh ag ballstáit eile an Aontais Eorpaigh maidir leis na daonáirimh atá beartaithe acu?
Tá modhanna éagsúla ag ballstáit an AE chun sonraí daonáirimh a bhailiú agus a chur i dtoll a chéile. Úsáideann cuid acu samhail bunaithe ar chláir eolais, cuid eile samhail a bhfuil réimse bealaí freagartha uirthi (m.sh. freagra thar an idirlíon) agus cuid eile arís samhail thraidisiúnta bunaithe ar obair allamuigh. Cibé cén samhail daonáirimh a n-úsáidtear, tá dúshláin i gceist le gach ceann mar gheall ar COVID-19. Dar ndóigh, beidh an tionchar is mó ar na tíortha sin a bhaineann leas as samhail thraidisiúnta na hoibre allamuigh
Agus i ndlínsí eile?
Tá sé beartaithe ag na húdaráis i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Bheag/Sasana san Astráil agus i gCeanada daonáireamh a dhéanamh i mbliana, 2021. Daonáireamh idirlín atá á reáchtáil acu seo, mar sin ní cuireann COVID-19 isteach orthu seo an oiread céanna agus a chuireann ar dlínsí a reáchtálann daonáireamh traidisiúnta bunaithe ar obair allamuigh.
Úsáidtear modh bailithe idirlín don daonáireamh in Albain chomh maith. Tá cinneadh glactha ag an tír an daonáireamh a chur siar aon bhliain ó Márta 2021 go Márta 2022 de bharr na paindéime.
Céard iad na bearta a dhéanfaidh sibh chun gur féidir leis an bhfoireann allamuigh daonáirimh déileáil go sábháilte leis an bpobal?
Cinnteoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh go gcuirfear gach beart i gcrích chun sábháilteacht an phobail a chinntiú. Cloífear le treoirlínte sláinte poiblí agus sábháilteachta agus cuirfear cleachtais nua in bhfeidhm de réir mar a fhoilseofar treoirlínte nua amach anseo.
Bainfidh an Oifig leas as an am breise ullmhúcháin seo chun athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar phróisis maidir le hearcaíocht, oiliúint, srl. chun a chinntiú go gcloítear le treoirlínte uile. Beidh gá le cleachtais maolaithe COVID-19, mar sin déanfar measúnaithe riosca chun na cleachtais is éifeachtaí a aithint lena gcur i bhfeidhm.
Ar cuireadh Daonáireamh na hÉireann ar athló aon uair cheana?
Reáchtáladh an chéad daonáireamh in Éirinn faoi ordú Rialtas na Ríochta Aontaithe sa 19ú hAois agus leanadh díobh seo go dtí 1911.Tar éis na críochdheighilte agus bunú Saorstát Éireann reáchtáladh daonáireamh anseo in 1926, agus rinneadh amhlaidh arís ar bhonn deichbhliantúil go dtí 1946.
Ón mbliain 1951 ar aghaidh, b’iondúil daonáireamh a bheith againn ar bhonn cúigbhliantúil. Tá eisceachtaí ann, áfach.
Cuireadh eagrán daonáirimh a bhí beartaithe do 1976 ar ceal ag pointe deireanach le cinneadh ó rialtas an lae chun airgead a shábháil. Toisc go raibh gá ann figiúirí daonra a thabhairt cothrom le dáta, reáchtáladh daonáireamh speisialta in 1979 le líon teoranta ceisteanna. Tháinig daonáireamh iomlán sna sála air sin in 1981 agus leanadh den sceideal cúigbhliantúil uaidh sin go deireadh an 20ú hAois. Bhí daonáireamh beartaithe do Aibreán 2001, ach bhuail ráig den ghalar crúb agus béil ainmhithe feirme sa Stát agus b’éigean é a chur siar go dtí 2002. Bhí foireann allamuigh earcaithe d’eagrán 2001 fiú amháin, sular cuireadh ar ceal é. Chuaigh an trí eagrán daonáirimh ó shin i leith ar aghaidh de réir sceidil in 2006, 2011 agus 2016.
Agus an t-eagrán seo curtha siar, an imreofar tionchar ar sceideal an daonáirimh atá ceaptha tarlú i 2026?
Ní imreofar. Cuireadh Daonáireamh 2001 siar go 2002 mar gheall ar an ngalar crúb agus béil. Ina dhiaidh sin leanadh leis an gcéad eagrán eile in 2006 gan athrú dáta. Ar an gcaoi chéanna, táthar ag súil leis go leanfaidh Daonáireamh 2026 ar aghaidh de réir an ghnáthsceidil. Bliain shuntasach a bheas inti sin, cothrom le 100 bliain ón gcéad daonáireamh a reáchtáladh i Saorstát Éireann.