Tá Suirbhé ar Rannpháirtíocht Fostaithe na Státseirbhíse (CSEES) á chur i bhfeidhm faoi Phlean Athchóirithe reatha na Státseirbhíse. Dearadh é chun do thuairim a chur in iúl maidir le do thaithí ag an obair, sa roinn agus sa Státseirbhís.
Is é cuspóir CSEES rannpháirtíocht fostaithe, folláine fostaithe, modhanna foirne chun dul i ngleic le hathrú, agus tiomantas na foirne don eagraíocht a thomhas agus a mheas. Tugann rannpháirtíocht sa suirbhé deis thábhachtach d’fhostaithe a dtuairim a chur in iúl. Cabhróidh na torthaí freisin le bonn eolais a chur faoi chinntí bainistithe straitéisí agus faoi sheachadadh Phlean Athnuachana na Státseirbhíse.
Chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe agus Bord um Bhainistiú na Státseirbhíse (CSMB), lena n-áirítear Ceannairí uile Ranna Rialtais agus Móroifigí, de chúram ar an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an suirbhé a riar agus na torthaí a phróiseáil.
Beidh CSEES beo ar feadh coicíse ón 11 go dtí an 22 Meán Fómhair 2023.
Beidh rochtain ar an suirbhé ag gach státseirbhíseach trí nasc agus pasfhocal ar leith.
Má tharlaíonn go bhfuil aon deacrachtaí agat teacht ar an suirbhé nó é a chomhlánú, le do thoil seol ríomhphost chuig an teagmhálaí i do Roinn nó Oifig atá freagrach as comhordú an tsuirbhé. I gcás aon cheisteanna teicniúla, déan teagmháil le csees@cso.ie.
I gcomhair tuilleadh eolais, breathnaigh ar na Ceisteanna Coitianta (CC) thíos faoi seo.
Cad é CSEES?
Dearadh an Suirbhé ar Rannpháirtíocht Fostaithe na Státseirbhíse (CSEES) chun do thaithí ag an obair, sa roinn, sa Státseirbhís agus nithe eile a bhaineann leis an obair a chur in iúl.
Cathain a dhéanfar an suirbhé in 2023?
Déanfar an suirbhé ar feadh coicíse ón 11 - 22 Meán Fómhair 2023
Cad é cuspóir an tsuirbhé?
Is é cuspóir CSEES ceannaireacht, rannpháirtíocht, feidhmíocht agus oibriú ar fud na Státseirbhíse a thomhas agus a mheas. Cabhróidh torthaí CSEES freisin le bonn eolais a chur faoi chinntí bainistíochta straitéisí agus faoi sheachadadh Phlean Athnuachana na Státseirbhíse.
Cé a bheidh ag glacadh páirt sa suirbhé?
Tabharfar deis do gach státseirbhíseach gníomhach páirt a ghlacadh sa suirbhé. Is deis thábhachtach í seo do státseirbhísigh a dtuairim a chur in iúl.
Conas is féidir páirt a ghlacadh sa suirbhé?
Is ar líne amháin atá CSEES ar fáil. Beidh gach státseirbhíseach in ann páirt a ghlacadh trí cheistneoir ar líne a chomhlánú. Cuirfear rochtain ar fáil trí nasc cineálach a scaipfear ar gach ball foirne trína Roinn nó trína Oifig.
Cá fhad a thógann sé an suirbhé a chomhlánú?
Tógann sé thart ar 15 nóiméad an suirbhé a dhéanamh.
An bhfuil sé éigeantach páirt a ghlacadh?
Níl sé éigeantach páirt a ghlacadh, ach spreagtar rannpháirtíocht ionas go mbeidh deis agat do thuairimí a thabhairt ar shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le do ról sa Státseirbhís.
An gcaithfidh mé an suirbhé a líonadh laistigh d’aon seisiún amháin?
Is fearr an suirbhé a chríochnú in aon seisiún amháin. Déantar do fhreagraí a shábháil go huathoibríoch de réir mar a théann tú ar aghaidh tríd an suirbhé. Is féidir leat filleadh chun an suirbhé a chríochnú níos déanaí ag baint úsáid as an nasc cineálach céanna agus as an mbrabhsálaí idirlín céanna.
Má tá an ríomhaire/ríomhaire glúine céanna á úsáid ag úsáideoirí éagsúla chun an suirbhé a dhéanamh, caithfear an suirbhé a dhéanamh laistigh d’aon seisiún amháin.
Cén cineál ceisteanna a bheidh le freagairt agam?
Baineann na ceisteanna sa suirbhé le do phost, le d’eagraíocht mar fhostóir agus le nithe eile a bhaineann leis an obair. Léiríonn an chuid is mó de na ceisteanna do thuairim ar chúrsaí oibre trí ráitis thábhachtacha a chur i láthair agus trí cheisteanna a chur a iarrann ort a roghnú a láidre agus a aontaíonn tú nó nach n-aontaíonn tú leis an ráiteas.
An mbeifear in ann mo fhreagraí a nascadh ar ais chugam?
Ní bheidh, dearadh an suirbhé seo ar bhealach nach féidir faisnéis a rianú ar ais chugat. Caitear le gach píosa eolais a fhaigheann an Phríomh-Oifig Staidrimh mar fhaisnéis go hiomlán faoi rún. Scriosfaidh an córas suirbhé go huathoibríoch aon fhaisnéis aitheantais ar nós seoladh IP.
Cá mhinice a dhéanfar CSEES?
Is é seo ceathrú atriall CSEES tar éis shuirbhéanna 2015, 2017 agus 2020. Déanann CSEES monatóireacht ar an dul chun cinn i dtreo rannpháirtíocht fostaithe a fheabhsú.
Cé atá i mbun CSEES?
Chuir Bord Bainistíochta na Státseirbhíse (CSMB) de chúram ar an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an suirbhé a riar agus na torthaí a phróiseáil.
Is é CSMB an Rialaitheoir Sonraí do CSEES. Cinneann an Rialaitheoir Sonraí na cuspóirí agus an bealach a ndéantar aon sonraí pearsanta amhail sonraí freagartha CSEES a phróiseáil. Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh an Próiseálaí Sonraí do CSEES. Coimeádann agus próiseálann an Próiseálaí Sonraí sonraí pearsanta, amhail sonraí freagartha CSEES de réir an dea-chleachtais cosanta sonraí.
Cén fáth a bhfuil an Phríomh-Oifig Staidrimh ag bailiú na sonraí agus ní an Roinn ná an Oifig ar leith?
Chuir CSMB de chúram ar an bPríomh-Oifig Staidrimh an suirbhé a dhéanamh mar gur saineolaithe iad i réimsí an iniúchta, na hanailíse agus na n-aschur staitistiúil. Tá sé de chumas ag an bPríomh-Oifig Staidrimh rúndacht iomlán a chinntiú do gach ball foirne a ghlacann páirt sa suirbhé agus is féidir léi aschuir staitistiúla a tháirgeadh ar thorthaí gach Roinne/Oifige ar bhealach neamhchlaonta agus neamhspleách.
Cad iad na sonraí atá á mbailiú?
Is iad sonraí freagartha suirbhé na haon sonraí atá á mbailiú. Áirítear leis sin freagraí ar cheisteanna a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe, folláine, láimhseáil an athraithe, ceannaireacht agus tiomantas don eagraíocht. Cuireadh ceisteanna nua le suirbhé 2023 a bhaineann le hObair Chumaisc chomh maith le ceisteanna a bhaineann le croíluachanna na Státseirbhíse nár cuireadh san áireamh in atriallta roimhe seo den suirbhé in 2015, 2017 agus 2020.
Cé a bheidh in ann breathnú ar fhreagraí an tsuirbhé?
Feicfidh foireann CSEES na Príomh-Oifige Staidrimh freagraí an tsuirbhé. Dearadh an córas suirbhé chun bailiú anaithnid sonraí a chinntiú. Ní bheidh sé indéanta tuairisceán suirbhé comhlánaithe a nascadh le haon duine ar leith. Déanfar na torthaí a chur le chéile lena chinntiú nach mbeidh aon sonraí ar fáil do ghrúpaí ina bhfuil níos lú ná 10 bhfreagróir.
Cad a dhéanfar leis an eolas a bhailítear?
Déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh anailís ar fhreagraí an tsuirbhé. Foilseofar tuarascáil Státseirbhíse agus scaipfear tuairiscí do gach Roinn nó Oifig chomh maith. Is é seo an ceathrú atriall den CSEES tar éis shuirbhéanna 2015, 2017 agus 2020 agus déanfar monatóireacht ar an dul chun cinn i dtreo rannpháirtíocht fostaithe a fheabhsú.
Beidh sé de fhreagracht ar gach Roinn nó Oifig ar leith gníomhú ar thorthaí na tuarascála. Coinneofar na sonraí anaithnidithe ón CSEES le haghaidh anailís bhreise, lena n-áirítear comparáid le suirbhéanna amach anseo. Féadfaidh taighdeoirí éagsúla anailís a dhéanamh orthu amach anseo faoi théarmaí agus faoi choinníollacha dochta atá leagtha síos ag CSMB a chinntíonn rúndacht na bhfreagróirí.
An stórálfar sonraí an tsuirbhé go slán?
Sea, stórálfar na sonraí go slán. Stóráiltear sonraí a chuirtear ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh ar líonra inmheánach TF na Príomh-Oifige Staidrimh áit a bhfuil slándáil chuí, rialuithe rochtana cuí i bhfeidhm chomh maith le nósanna imeachta cúltaca agus aisghabhála. Laistigh den Phríomh-Oifig Staidrimh, is ag foireann CSEES amháin atá sonraí an tsuirbhé anaithnidithe ar fáil.
Déanann cuideachta TF 3ú páirtí a thacaíonn le córais na Príomh-Oifige Staidrimh agus a sholáthraíonn bonneagar Néalríomhaireachta, na sonraí a phróiseáil ar dtús agus úsáidtear iad chun tacú leis an ardán ar a ritheann an tseirbhís Bailithe Sonraí Suirbhé. Aistrítear sonraí go rialta chuig córais inmheánacha na Príomh-Oifige Staidrimh le haghaidh tuilleadh próiseála iartheachtacha, scriostar aon sonraí ar an Néal ansin.
Cá fhad a stórálfar sonraí an tsuirbhé?
Scriostar sonraí nach gcomhlíontar tar éis 14 lá mura bhfuil aon ghníomhaíocht bhreise ann. Ní stóráiltear sonraí suirbhé a chuirtear ar aghaidh sa Néal agus seoltar iad chuig líonraí inmheánacha na Príomh-Oifige Staidrimh áit a stóráiltear iad ar feadh tréimhse éiginnte le haghaidh tuilleadh anailíse agus tuairiscithe.