Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Fógra Trédhearcachta Cosanta Sonraí

Céannacht and sonraí teaghmhála an rialtóra sonraí

Is é an Rannán Daonáirimh sa Phríomh-Oifig Staidrimh an Rialaitheoir Sonraí i leith na faisnéise seo (Kathleen Goulding - census2027consultation@cso.ie).

Sonrí teaghmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí

DPO@cso.ie  

Cuspóir(í) na próiseála agus bunús dleathach na próiseála

Déantar cur síos sa bhfógra seo ar an bhfaisnéis phearsanta a bhaileoidh/a phróiseálfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) chun críocha Chomhairliúchán Poiblí maidir le Daonáireamh 2027, an t-údar a ndéanaimid an fhaisnéis sin a phróiseáil, cé leis a roinnfear an fhaisnéis sin, agus cur síos ar na cearta atá ag údair na n-aighneachtaí maidir lena gcuid faisnéise.

Tá faisnéis phearsanta (ainm, seoladh, uimhir ghutháin, ríomhphost) ag teastáil ón bPríomh-Oifig Staidrimh chun go mbeidh sí ábalta a chur in iúl go bhfuil aighneacht faighte agus chun go mbeidh sí ábalta comhfhreagras a dhéanamh lena húdar (údair) i dtaobh an phróisis comhairliúcháin.
Ní bhainfear úsáid as an bhfaisnéis a bheidh coinnithe againn agus a bheidh próiseáilte againn ach amháin chun an próiseas comhairliúcháin a bhainistiú agus chun údair na n-aighneachtaí a choinneáil ar an eolas maidir lena dul chun cinn. Féadfaidh na daoine a dhéanann aighneachtaí a chur in iúl go mb’fhearr leo gan teagmháil a dhéanamh leo ina leith sin.

Ní bhainfear úsáid as na sonraí pearsanta a bhailítear ach amháin chun críocha an phróisis comhairliúcháin. Déanfar na sonraí sin a stóráil agus a choinneáil de réir fhorálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018. Is é an bunús dlí don phróiseáil ná Airteagal 6(1)(e) den RGCS - ie próiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil. Déanfar na sonraí a bhaileofar a léirscriosadh nuair a bheidh an próiseas tugtha chun críche.

Tá aighneachtaí ar an gcomhairliúchán poiblí faoi réir na reachtaíochta um Shaoráil Faisnéise agus féadfar iad a scaoileadh mar fhreagairt ar iarrataí Saorála Faisnéise. Féadfar aighneachtaí a fhoilsiú chomh maith ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh. Ní bheidh sonraí inaitheanta pearsanta san áireamh in aon scaoileadh/foilseachán dá leithéid.

I gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar leasanna dlisteanacha an rialaitheora nó tríú páirtí, leasanna dlisteanacha an rialaitheora

N/A

Aon fhaighteoir(í) eile na sonraí pearsanta

Ní roinneann. Roinnfear na haighneachtaí leis an nGrúpa Comhairleach Daonáirimh (GCD) a bheidh le bunú chun na haighneachtaí a athbhreithniú agus cinneadh a dhéanamh ar na ceisteanna a bheidh le tástáil sa daonáireamh píolótach. Ní roinnfear faisnéis inaitheanta phearsanta leis an GCD.

Sonraí maidir le haon aistrithe atá beartaithe chuig tríú tír (ballstát neamh-AE) nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta agus sonraí faoi chinntí agus faoi chosaintí leordhóthanachta

Ní dhéantar. Mar a dúradh thuas, roinnfear aighneachtaí le baill an GCD, a bhféadfadh roinnt díobh a bheith lasmuigh den Stát. Ní roinnfear faisnéis inaitheanta phearsanta i dtaca leis sin.

An tréimhse choinneála nó, mura féidir é sin a dhéanamh, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse choinneála a chinneadh

Scriosfar na sonraí a bhailítear nuair a bheidh an próiseas críochnaithe.

Cearta sonraí an duine

Tá na cearta seo a leanas agat faoin dlí cosanta sonraí, cé go bhféadfadh do chumas na cearta sin a fheidhmiú a bheith faoi réir coinníollacha áirithe:

  • Tá sé de cheart agat cóip de na sonraí pearsanta atá coinnithe fút agus/nó rochtain ar na sonraí pearsanta atá coinnithe fút, chomh maith le faisnéis eile faoin bpróiseáil atá déanta againn ar na sonraí pearsanta sin a fháil.
  • Tá sé de cheart agat a iarraidh go gceartófaí aon sonraí pearsanta míchruinn atá coinnithe, nó má tá faisnéis neamhiomlán againn, a iarraidh go dtabharfaimid an fhaisnéis sin cothrom le dáta chun go mbeidh sí críochnaithe
  • Tá sé de cheart agat, i gcúinsí áirithe, a iarraidh go léirscriosfar na sonraí pearsanta.
  • Tá sé de cheart agat, i gcúinsí áirithe, a iarraidh nach ndéanfaimid sonraí pearsanta a phróiseáil a thuilleadh sa tslí a bpróiseálaimid iad
  • Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí [Sonraí teagmhála: Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí, 21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28, Éire.]

Toiliú

N/A

An ceart chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ag:
Teileafón: (+353) 01 7650100 / 1800 437 737
Ríomhphost: info@dataprotection.ie
Seoladh poist:
An Coimisiún um Chosaint Sonraí, 21 Cearnóg Mhic Liam Theas
BÁC 2
D02 RD28
Éire

Cibé an ceanglas reachtúil nó conarthach é soláthar sonraí pearsanta, is gá chun conradh a dhéanamh, oibleagáid, agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann dá dteipfeadh ar na sonraí pearsanta a sholáthar

N/A

Aon phróisis cinnteoireachta uathoibrithe a chuirfear i bhfeidhm ar na sonraí, lena n-áirítear próifíliú, agus faisnéis bhríoch faoin gcaoi a ndéantar cinntí, an tábhacht agus na hiarmhairtí a bhaineann le próiseáil a bheith ann

Ní úsáidfear aon sonraí chun críche cinnteoireachta uathoibrithe ná próifílithe.