Sonraí maidir leis an Leathanach Baile
Tá an leathanach nua baile deartha le cead a thabhairt don úsáideoir teacht ar an eolas ar fad atá ar shuíomh idirlín na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), le híosmhéid úsáide a bhaint as an luch. Tá an t-eolas ar fad ón sean leathanach baile ar fáil freisin ar an leathanach baile nua, ach tá an t-eolas curtha ar fáil ar bhealach a thugann an t-úsáideoir chuig a c(h)eann scríbe go díreach le híosmhéid úsáide a bhaint as an luch.
Is féidir anois an leathanach baile a roinnt ina sé chuid:
› Barraí nascleanúna i gceanntásc agus i mbuntásc
› Staitisticí rangaithe de réir ceannlíne téama
› Ráitis is déanaí
› Ábhair speisialta
› Cúinne na Nuachta
› Aiseolas maidir leis an suíomh nua idirlín.
Barraí nascleanúna
Tá naisc ar fáil sna barraí nascleanúna ag bun agus ag barr gach leathanaigh atá seasta tríd is tríd
Naisc staitistiúla nascleanúna:
› Staitisticí
› Ráitis agus Foilseacháin
› Daonáireamh
› Suirbhéanna agus Modheolaíocht
› Cúinne na Mac Léinn
Naisc Nascleanúna Corparáideacha:
› Maidir linn
› Nuacht
› Naisc
› Déan teagmháil linn
› Gaeilge
› Polasaí Cóipchirt
› Saoráil Faisnéise
› Léarscáil den suíomh
› Ráiteas Inrochtana
Ráitis is déanaí
Tá naisc aicearra ar fáil sa chuid seo chuig ráitis agus foilseacháin na POS a éisíodh ar an lá céanna. Déantar an píosa seo a thabhairt suas chun dáta go laethúil ag 11:00 r.n. le comhtharlú le polasaí eisiúna na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tabharfaidh an nasc seo thú díreach chuig an ráiteas nó foilseachán. Muna bhfuil aon ráiteas ann ar lá faoi leith cuirfear na ráitis ón lá roimhe ar fáil duit.
Faoin liosta seo tabharfaidh an nasc 'Tuilleadh Ráiteas' chuig liosta iomlán na ráiteas thú don choicís roimhe.
Tá nasc ar fáil anseo chuig féilire na ráiteas chomh maith le bheith ar fáil ón gcúinne ag bun an leathanaigh bhaile ar thaobh na láimhe clé.
Cúinne na nuachta
Faoi 'Chúinne na Nuachta' is féidir leat teacht ar:
Ábhair speisialta
Tá naisc chuig ábhair agus foilseacháin speisialta ar fáil sa chúinne ag bun an leathanaigh bhaile ar an taobh clé.