Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Dearadh agus Struchtúr an tSuíomh nua Idirlín

 

Beidh fáil ó leathanaigh atá ceangailte leis na nascleantóirí staitistiúla ('Staitisticí', 'Ráitis agus Foilseacháin', 'Suirbhéanna agus Modheolaíocht' agus 'Cúinne na Mac Léinn') ar mhionleathanach baile don rannóg sin áit atá an t-eolas rangaithe de réir ceannlíne téama agus cosúil i leagan amach leis an rannóg 'Staitisticí' atá ar bharr an leathanaigh bhaile ar thaobh na láimhe clé. Tugann sé seo cead don úsáideoir níos mó aithne a chur ar leagan amach an tsuímh agus mar sin teacht ar eolas níos sciobtha.
Tá nasc díreach ag na nascleantóirí corparáideacha ar fad ('Maidir Linn', 'Nuacht agus Imeachtaí', 'Naisc', 'Déan Teagmháil Linn', 'Polasaí Cóipchirt' agus 'Saoráil Faisnéise') leis na leathanaigh ábhair nó eolais. Tá sé seo fíor freisin don Daonáireamh agus don Bhanc Sonraí Díreach.


Tá an ceanntásc agus buntásc céanna ag gach leathanach agus atá ag an leathanach baile freisin.


I measc na dtréithe breise tá:

  • Lorg garbhóige faoin mbarra nascleanúna ar bharr le n-insint don úsáideoir cá bhfuil sé/sí sa suíomh
  • Roghchlár anuas ag liostáil 'Staitisticí de réir Téama' le cead a thabhairt don úsáideoir teacht ar eolas a bhaineann le téama staitistiúil ar bith ó áit ar bith ar an suíomh idirlín
  • Roghanna maidir le 'Leathanach priontála' agus athrú méid an chló


I measc tréithe eile na leathanach ábhair tá:

  • ' Naisc Sciobtha' Comhthéacs cruinn ar thaobh na láimhe deise den phríomh ábhar. Beidh athrú orthu seo ar leathanaigh éagsúla le béim a leagan ar eolas tábhachtach gaolmhar
  • Níos mó comhsheasmhachta - tá na nascleantóirí Corparáideacha agus Staitistiúla, Cuardach san áireamh, ar fáil i gcónaí
  • Rangú níos fearr ar an ábhar - rinneadh an t-ábhar a athrangú agus tugadh teidil nua do na leathanaigh ábhair lena n-aidhmeanna a léiriú níos fearr chomh maith leis an rud a bhíonn an t-úsáideoir ag súil leis uathu.