Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Ag baint úsáide as an Áis Chuardaigh


Cuardach agus Ard Chuardach do shuíomh idirlín na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ar fáil ar thaobh na láimhe deise den cheanntásc ar gach leathanach, agus beidh tú in ann cáipéisí a chuardach leo tríd an suíomh ar fad.
Scríobh isteach na heochairfhocail agus brú TÉIGH, nó cliceáil ar an nasc chuig an ard chuardach le cuardach mion a dhéanamh. Bíonn toradh níos fearr ar an gcuardach má bhíonn mioneolas tugtha don chuardach.
Leideanna Cuardaigh

Leideann simplí le torthaí níos fearr a fháil ar do chuardach
Úsáid a bhaint as Ard Chuardach

 

Leideann Simplí le Torthaí Níos Fearr a Fháil ar do Chuardach

Beidh go leor torthaí ar théarmaí leathana - gheobhaidh tú go leor torthaí ar théarmaí cosúil le Talmhaíocht. Má theastaíonn eolas níos sonraithe uait, déan mionchuardach tríd téarmaí breise a chur leis. Mar shampla, Áireamh Talmhaíochta; Praghsanna Talmhaíochta; &rl.


Litriú - bí cinnte go bhfuil an focal litrithe i gceart agat. Is féidir focal a chlóscríobh nó a litriú mícheart trí thimpiste agus cuireann sé seo isteach go mór ar thorthaí an chuardaigh.

Focail eile - más staitisticí scoile atá á chuardach agat agus muna bhfuil tú sásta leis na torthaí a fhaigheann tú bain triail as staitisticí oideachais. Déanfaidh an t-inneall cuardaigh iarracht téarmaí comhchiallacha a mheaitseáil chomh maith agus is féidir ach má dhéanann tú an cuardach arís le focail eile d'fhéadfadh sé go mbeadh torthaí níos fearr agat.

Cruinn don chás - breathnófar ar fhocail nó frásaí ina bhfuil litreacha sa chás mór amháin mar fhocail atá cruinn don chás. Má dhéantar cuardach ar "usa" déanfar meaitseáil le "Usa", "USA", agus "usA", ach má dhéantar cuardach ar "USA" déanfar meaitseáil leis an leagan sa chló mór amháin.


Usáid a bhaint as an réiltín (*) - Uirlis chuardaigh fíor láidir í an réiltín, ach tá roinnt teorainneacha ag baint léi. Ní féidir léi focail a thrasnú - is é sin, ní bheadh an cuardach 'torth*osfearr' ina meaits do cheann teideal an ailt seo - agus ní féidir í a úsáid ach ar son ceithre litir nó uimhir ar a mhéid. Le cuardach atá fíor leathan a sheachaint is féidir an réiltín a úsáid i bhfocail nó i bhfrásí ina bhfuil ar a laghad trí litir alfa-uimhriúil. Ní thabharfar aon aird ar chuardach do 'th*'.


Ag baint úsáide as an áis Ard-Chuardaigh

Má úsáideann tú an rogha Ard-Chuardaigh gheobhaidh tú cúnamh le heolas faoi leith a aimsiú agus beidh scóip an chuardaigh beag go maith. Tá rogha Ard-Chuardaigh ar fáil ón nasc sa bharrmheirge ar gach leathanach idirlín le taobh na réimse Cuardaigh.