Is suirbhé mórscála idirnáisiúnta é TALIS Ag Tosú go Láidir a dhíríonn ar bhaill foirne fhoghlaim agus chúram na luath-óige, ar fhorbairt ghairmiúil agus obair na mball foirne le leanaí óga, ar thimpeallacht fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag baill foirne ar leanaí atá faoina gcúram.
Is í an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) atá i gceannas ar an suirbhé ar bhonn idirnáisiúnta agus is é an Comhlachas Idirnáisiúnta um Mheastóireacht ar Ghnóthachtáil Oideachais (IEA) a bhainistíonn an suirbhé. Déantar suirbhé TALIS Ag Tosú go Láidir ar bhonn thimthriall sé bliana. Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a thugann faoi TALIS Ag Tosú go Láidir in Éirinn agus is í an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY) atá ina Roinn urraithe.
Dírítear sa suirbhé ar na saincheisteanna polasaí seo a leanas:
Is suirbhé comparáideach é TALIS a bhainistíonn an IEA ar an leibhéal idirnáisiúnta thar ceann an OECD.
Trí chomhpháirtí atá i gcuibhreannas an tsuirbhé ‘TALIS – Ag Tosú go Láidir’ de chuid an OECD. Is iad sin an Comhlachas Idirnáisiúnta um Mheastóireacht ar Ghnóthachtáil Oideachais (IEA); RAND Europe in Cambridge Shasana; agus Statistics Canada in Ottawa i gCeanada.
Is é an Bainisteoir Tionscadail Náisiúnta atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta as a chinntiú go gcuirtear TALIS Ag Tosú go Láidir i bhfeidhm ina dtír. Is sa Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) atá an Bainisteoir Tionscadail Náisiúnta in Éirinn lonnaithe.
Tionólfar Comhghrúpa Idirchaidrimh idir an DCEDIY agus an CSO i gcomhréir le Gnáth-Chreat Rialachais Sonraí na CSO. Déanfaidh an Comhghrúpa Idirchaidrimh monatóireacht ar fheidhmiú an tsuirbhé agus tacóidh sé le dul chun cinn an tsuirbhé le hearnáil ELC in Éirinn.
Na tíortha a bheidh ag glacadh páirt in TALIS Ag Tosú go Láidir | ||
An Bheilg (Pobal Pléimeannach) | An Ghearmáin | An Iorua |
Ceanada (British Columbia, New Brunswick, Quebec) | Éire | An Spáinn |
An tSile | Iosrael | An tSualainn |
An Cholóim | An tSeapáin | An Tuirc |
An Danmhairg | Maracó | Na Stáit Aontaithe (Maryland, Massachusetts) |
An Fhionlainn | An Nua-Shéalainn |
Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, tá na cearta seo a leanas agat:
Mar sin féin d’fhéadfadh na cearta sin a bheith teoranta ó tharla go bpróiseáiltear do shonraí chun críocha staidrimh. Is amhlaidh atá mar go bhféadfadh feidhmiú aon cheann de na cearta sin a bheith dodhéanta nó cur as go mór do ghnóthachtáil na próiseála staidrimh agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le srian den chineál sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.
Tá tuilleadh eolas cosanta sonraí maidir le TALIS Ag Tosú go Láidir ar fáil ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) ag an nasc seo: