Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Céard dó a seasann TALIS?
Céard dó a seasann ELC?
Céard dó a seasann IEA?
Cé dó a seasann OECD?
Céard dó a dtagraíonn Príomhoideoir Luathbhlianta/Oideoir Luathbhlianta?
Céard dó a dtagraíonn Bainisteoir/Leas-Bhainisteoir ar Shuíomh ELC?
Cén cuspóir atá le TALIS Ag Tosú go Láidir?
Cé atá ag stiúradh Suirbhé TALIS Ag Tosú go Láidir in Éirinn?
Conas a roghnaíodh mé don Staidéar seo?
Conas a logálaim isteach chun an Suirbhé a chomhlánú?
Céard a dhéanfaidh mé má chaillim mo shonraí chun logáil isteach?
Céard é an spriocdháta chun an suirbhé ar líne a chomhlánú?
An gcoinneofar m’fhreagraí faoi rún agus cé chomh fada a choinneofar mo shonraí?
Cén cineál ceisteanna a bheidh orm a fhreagairt?
Cén difear atá idir na ceistneoirí éagsúla?
Cá fhad a thógfaidh sé an ceistneoir a dhéanamh?
Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil má tá tuilleadh eolais uaim nó má tá deacrachtaí agam an suirbhé ar líne a chomhlánú?

Céard dó a seasann TALIS?

An Suirbhé Idirnáisiúnta Teagaisc agus Foghlama (TALIS). Is suirbhé mórscála idirnáisiúnta é TALIS Ag Tosú go Láidir a dhíríonn ar bhaill foirne fhoghlaim agus chúram na luath-óige, ar fhorbairt ghairmiúil agus obair na mball foirne le leanaí óga, ar thimpeallacht fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag baill foirne ar leanaí atá faoina gcúram.

Céard dó a seasann ELC?

Tagraíonn foghlaim agus cúram na luath-óige (ELC) d’fhoghlaim agus cúram na luath-óige do leanaí atá 3 bliana d’aois agus níos sine (oideachas réamh-bhunscoile) nó foghlaim agus cúram na luath-óige do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois (oideachas luath-óige) i suíomhanna cláraithe.

Céard dó a seasann IEA?

An Comhlachas Idirnáisiúnta um Mheastóireacht ar Ghnóthachtáil Oideachais. Déanann IEA staidéar comparáideach mórscála ar ghnóthachtáil oideachais agus ar ghnéithe eile den oideachas. Tá IEA thar ceann OECD ag stiúradh TALIS Ag Tosú go Láidir.

Cé dó a seasann OECD?

An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta. Is eagraíocht idirnáisiúnta a chuimsíonn 38 tír í an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD). Baineann sé le dul chun cinn socheacnamaíoch agus trádáil dhomhanda. Tá Suirbhé TALIS ar cheann de na suirbhéanna OECD.

Céard dó a dtagraíonn Príomhoideoir Luathbhlianta/Oideoir Luathbhlianta?

Tagraíonn Príomhoideoir Luathbhlianta/Oideoir Luathbhlianta do dhuine aonair a stiúrann, a thacaíonn agus a oibríonn go díreach le leanaí agus lena dteaghlaigh. D’fhéadfadh soláthar ELC do leanaí atá 3 bliana d’aois agus níos sine nó soláthar ELC do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois a bheith i gceist leis seo.

Céard dó a dtagraíonn Bainisteoir/Leas-Bhainisteoir ar Shuíomh ELC?

Tagraíonn Bainisteoir/Leas-Bhainisteoir ar Shuíomh ELC do dhuine (daoine) aonair atá freagrach as an gceannaireacht bhainistíochta agus/nó oideolaíochta ag suíomh ELC. Mar chuid den ról ceannaireachta, d’fhéadfadh sé go mbeadh an duine sin freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar leanaí, as maoirseacht a dhéanamh ar bhaill foirne eile, as teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí agus caomhnóirí, agus/nó as pleanáil, ullmhú agus cur i gcrích na hoibre oideolaíochta san ionad. Is féidir le bainisteoirí cuid dá gcuid ama a chaitheamh ag obair leis na leanaí freisin. D'fhéadfaidís a bheith ag obair le leanaí ach ní gá go mbeadh.

Cén cuspóir atá le TALIS Ag Tosú go Láidir?

Déantar comparáid in TALIS ag Tosú go Láidir idir suíomhanna luath-óige laistigh de thíortha agus ar fud tíortha agus cuirtear béim ar éagsúlacht laistigh de chórais agus aithnítear pointí cosúlachta.

Tá Éire chomh maith le 16 tír eile ag glacadh páirt sa suirbhé.

Tugtar deis sa suirbhé seo do bhaill foirne agus ceannairí fhoghlaim agus chúram na luath-óige cead cainte a bheith acu maidir le cleachtais spraoi agus foghlama a úsáideann baill foirne agus na riachtanais agus bacainní atá acu teacht ar oiliúint. Leis an eolas a fuarthas ón suirbhé, déantar eolas do phléití ar pholasaithe agus éascaítear na pléití sin faoi choinníollacha oibre agus riachtanais oiliúna na mball foirne, rud a chuidíonn le cáilíocht iomlán an fhórsa oibre a fheabhsú.

Cé atá ag stiúradh Suirbhé TALIS Ag Tosú go Láidir in Éirinn?

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a stiúrann an suirbhé in Éirinn ar ordú na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

Conas a roghnaíodh mé don Staidéar seo?

Roghnaíodh do shuíomh go randamach ó shuíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige ar fud na hÉireann.

Conas a logálaim isteach chun an Suirbhé a chomhlánú?

Mar chuid den phacáiste fuair tú litir ina bhfuil do shonraí ar leith inti chun logáil isteach.

Céard a dhéanfaidh mé má chaillim mo shonraí chun logáil isteach?

Déan teagmháil linn mar a leagtar amach thíos agus is féidir linn na sonraí chun logáil isteach a sheoladh chugat arís:

Teileafón: (+353) 021 453 5110

Ríomhphost: talis@cso.ie

Céard é an spriocdháta chun an suirbhé ar líne a chomhlánú?

An 31 Márta 2023.

An gcoinneofar m’fhreagraí faoi rún agus cé chomh fada a choinneofar mo shonraí?

Coinneofar. Glactar le gach eolas a thugtar don Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) faoi rún daingean.  Leagtar amach san Acht Staidrimh, 1993, caighdeáin dhiana rúndachta: Is féidir an t-eolas a bailíodh a úsáid chun críocha staidrimh amháin agus ní féidir aon sonraí a d’fhéadfadh sé go mbeadh baint acu le duine nó gnóthas inaitheanta a nochtadh d’aon roinn nó comhlacht eile rialtais.

Déanfar sonraí a bhaileofar le linn na Trialach Allamuigh a anaithnidiú ag an deireadh.  Maidir leis na sonraí anaithnide a choinníonn an Comhlachas Idirnáisiúnta um Mheastóireacht ar Ghnóthachtáil Oideachais (IEA) agus na sonraí a choinníonn an CSO agus a chuireann tú ar fáil sa suirbhé seo, ní choinneofar iad níos faide ná Deireadh Fómhair na bliana 2025 faoi réir riachtanais an tsuirbhé.

Cén cineál ceisteanna a bheidh orm a fhreagairt?

Beidh na ceisteanna bunaithe ar na réimsí seo a leanas:

  • Na cleachtais spraoi agus foghlama a úsáideann baill foirne san obair a dhéanann siad le leanaí óga
  • An méid agus cineál forbartha gairmiúla atá ar fáil do bhaill foirne fhoghlaim agus chúram na luath-óige (ELC) agus na riachtanais agus bacainní atá acu chun teacht ar oiliúint
  • Na bealaí a dtéann suíomhanna timpeallachta agus cleachtais ELC, ceannaireacht san áireamh, i bhfeidhm ar thimpeallacht foghlama agus folláine do leanaí agus na bealaí a mbíonn tionchar aige sin ar obair na mball foirne
  • Saintréithe fórsa saothair ELC agus saintréithe suíomhanna ELC

Cén difear atá idir na ceistneoirí éagsúla?

Iarrfar ort go huathoibríoch ceann amháin de na ceistneoirí seo a leanas a chomhlánú bunaithe ar do ról i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige:

  • Ceistneoir do Bhaill Foirne:Má tá tú i do Phríomhoideoir Luathbhlianta/ Oideoir Luathbhlianta a stiúrann, a thacaíonn agus a oibríonn go díreach le leanaí agus lena dteaghlaigh, iarrfar ort an Ceistneoir do Bhaill Foirne a chomhlánú.
  • Ceistneoir do Cheannairí: Má tá tú i do Bhainisteoir/Leas-Bhainisteoir ar Shuíomh ELC atá freagrach as an gceannaireacht bhainistíochta agus/nó oideolaíochta ag suíomh ELC, iarrfar ort an Ceistneoir do Cheannairí a chomhlánú.
  • Príomhcheistneoir Comhcheangailte:Má tá tú i do Bhainisteoir/Leas-Bhainisteoir ar Shuíomh ELC atá freagrach as an gceannaireacht bhainistíochta agus/nó oideolaíochta ag suíomh ELC agus má oibríonn tú go díreach le leanaí i do shuíomh ar bhonn rialta, iarrfar ort an Príomhcheistneoir Comhcheangailte a chomhlánú.
  • Ceistneoir Gearr Comhcheangailte: Má tá tú i d’oibritheoir aonair ag do shuíomh ELC, iarrfar ort an Ceistneoir Gearr Comhcheangailte a chomhlánú.

Cá fhad a thógfaidh sé an ceistneoir a dhéanamh?

Tógfaidh sé idir 45-75 nóiméad ag brath ar an gceistneoir a n-iarrfar ort a chomhlánú.

Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil má tá tuilleadh eolais uaim nó má tá deacrachtaí agam an suirbhé ar líne a chomhlánú?

Magdalena Habersack
Teileafón: (+353) 021 453 5110
Email: talis@cso.ie