Is suirbhé mórscála idirnáisiúnta é Suirbhé Idirnáisiúnta Teagaisc agus Foghlama (TALIS) Ag Tosú go Láidir ar bhaill foirne agus ceannairí i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige (ELC). Is deonach atá sé páirt a ghlacadh in TALIS Ag Tosú go Láidir.
Déantar comparáid in TALIS Ag Tosú go Láidir idir suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige laistigh de thíortha agus ar fud tíortha agus tarraingítear aird ar na difríochtaí agus na cosúlachtaí araon maidir leis an gcaoi a gcuirtear ELC ar fáil. Leis na sonraí a bailítear, déantar eolas do phléití ar pholasaithe agus éascaítear na pléití sin faoi choinníollacha oibre agus riachtanais oiliúna na mball foirne, rud a chuidíonn le cáilíocht iomlán an fhórsa oibre a fheabhsú.
Tá TALIS Ag Tosú go Láidir á stiúradh faoi choimirce na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD). Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh(CSO) a thugann faoi in Éirinn. Is í an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY) atá ina Roinn urraithe.
Bailítear sonraí i Suirbhé TALIS Ag Tosú go Láidir ó sholáthróirí cúraim leanaí ELC i.e. feighlithe leanaí agus naíolanna. Roghnaítear baill foirne agus ceannairí i suíomhanna ELC go randamach chun páirt a ghlacadh.
Beidh an triail allamuigh do TALIS 2023 ar siúl in Earrach na bliana 2023. Reáchtálfar an suirbhé ar líne. Is é an cuspóir atá leis an triail allamuigh ná an suirbhé a chur ar fáil ar bhonn píolótach chun na ceistneoirí agus córais phróiseála a úsáideadh a thástáil agus chun cáilíocht an phríomhstaidéir a chinntiú.
Reáchtálfar an príomhstaidéar in Earrach na bliana 2024. Beidh tuilleadh eolais ar fáil nuair a bheidh an triail allamuigh críochnaithe.
Táthar ag súil go mbeidh torthaí ó phríomhstaidéar TALIS Ag Tosú go Láidir ar fáil sna blianta 2025-2026 nuair a fhoilseofar tuarascálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an suirbhé.