Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Lánúin óg ag comhlánú suirbhé buiséid teaghlaigh
CSO Surveys logo

Ba é an meánchaiteachas seachtainiúil teaghlaigh ar bhia in 2023 ná €161. Cén chaoi ar éirigh linn an fhaisnéis sin a fháil? Inis tú dúinn faoi.

Nuair a thugann tú faisnéis dúinn is féidir linn léargas thar a bheith glinn ar Éirinn, ar ár saol, ar ár ngeilleagar, ar ár sláinte agus ar ár sonas a chruthú.

>

Ag coinneáil do leabhar nótaí

Ní mór an leabhar nótaí a choinneáil ar feadh 14 lá. Cinntigh go mbaineann na hadmhálacha a chuireann tú isteach leis na 14 lá sin.

Chun tacú leat le do dhúshlán caiteachais coicíse, seo agat trí chéim úsáideacha:

  1. Do chuid admhálacha: Iarr admhálacha miondealaithe do gach ceannachán a dhéanann tú laistigh den tréimhse dhá sheachtain sin agus coinnigh na hadmhálacha sin. Caith súil ar do chuid admhálacha agus mura bhfuil cur síos soiléir uirthi faoin mhéid a cheannaigh tú, scríobh sonraí breise ar d'admháil. Cuir gach ceann acu isteach sa tiachóg i gcomhad an leabhar nótaí caiteachais.
  2. Do chaiteachas is déanaí ar fhóntais amhail leictreachas, árachas cairr agus íocaíochtaí rialta: Cuir isteach an íocaíocht dheireanach a rinne tú ina leith i rannáin 1-6. D'fhéadfá do ráitis bhainc nó baincéireacht ar líne a úsáid chun sonraí cruinne a aimsiú maidir leis na híocaíochtaí sin chun cabhrú leat.
  3. Caiteachas nach bhfuil admháil agat ina thaobh:  Mura bhfuil admháil agat le haghaidh earra, scríobh isteach i rannáin 10-15 é agus mínigh céard a cheannaigh tú, agus lean na treoracha don rannán sin. Má fhaigheann tú admháil, ní bheidh ort é sin a dhéanamh.

Is féidir iontaoibh a chur sa Phríomh-Oifig Staidrimh

Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.