Cuideodh aiseolas uaitse linne lenár gcuid seirbhísí a fheabhsú agus a dhéanamh níos fearr don phobal. Inis dúinn faoi na nithe atá tábhachtach duitse inár Suirbhé maidir le Sástacht Custaiméirí ar líne [suirbhé i mBéarla].
Tá na staitisticí a fhoilsímid maidir le hÉireann neamhspleách agus iontaofa – toisc gur inis sibh dúinn iad.
Tugann an t-eolas a thugann tú dúinn léargas an-chruinn dúinn ar a bhfuil i gceist le bheith ag maireachtáil in Éirinn, sa lá atá inniu ann - ár saol, ár ngeilleagar, ár sláinte, ár n-oideachas, ár sonas agus ár bhfolláine.
Mar chuid den tionscnamh leanúnach seo, thug an Phríomh-Oifig Staidrimh cuireadh do shaoránaigh a roghnaíodh go randamach páirt a ghlacadh i sraith suirbhéanna gearra atá deartha chun faisnéis luachmhar a bhailiú maidir le réimse éagsúil topaicí amhail do shaol ar líne, do chuid tuairimí faoin timpeallacht, agus d’fholláine.
Gabhaimid buíochas libhse a bhí toilteanach páirt a ghlacadh agus a chuir bhur gcuid sonraí ar fáil dúinn. Cuidíonn do rannpháirtíocht leis an bPríomh-Oifig Staidrimh sonraí cruinne a chur ar fáil le haghaidh cinnteoireacht fianaisebhunaithe maidir le cúrsaí sláinte, cúrsaí airgeadais agus cúrsaí bonneagair. Is cuid thábhachtach é do ról chun cruth a chur ar bheartais agus ar sheirbhísí a mbíonn tionchar acu ar phobail agus a fheabhsaíonn caighdeán na beatha ar fud na tíre.
De do thoil féin atá sé páirt a ghlacadh. Dá mba mhaith leat roghnú gan páirt a ghlacadh ag aon am, seol ríomhphost chugainn ag CSOTakePart@cso.ie, agus bainfidh muid den phainéal seo tú.
Thug an Phríomh-Oifig Staidrimh cuireadh do shaoránaigh a roghnaíodh go randamach páirt a ghlacadh i Suirbhéanna de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh agus tá na daoine a bhí toilteanach páirt a ghlacadh sa bpainéal sin incháilithe. Cuirtear leis an bpainéal seo le daoine a ghlac páirt i suirbhéanna eile de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh agus a bhí toilteanach a bheith mar chuid de Phainéal Suirbhéanna de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh.
Iarrfar ar na daoine ar Phainéal Suirbhéanna de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh suirbhé gearr nua a líonadh gach cúpla mí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo trí ríomhphost, litir, nó ar an teileafón.
Daoibhse a fuair ríomhphost nó litir, beidh sonraí riachtanacha san áireamh a thabharfaidh cead duit rochtain a fháil ar an suirbhé ar líne agus logáil isteach le d’aitheantóir CSO agus do UAP. Níor chóir go dtógfadh sé ach thart ar 15 nóiméad ort an suirbhé a líonadh isteach.
Daoibhse a fuair glaoch teileafóin, tabhair freagra ar na ceisteanna a chuirtear ar an bhfón, agus tabhair faoi deara go mbeidh an t-am a mheastar chun suirbhé a líonadh ar an bhfón beagán níos faide.
Chun rochtain a fháil ar an suirbhé reatha ar líne, lean an nasc seo:
Murar féidir leat logáil isteach ar an suíomh gréasáin nó má tá aon deacracht eile agat, is féidir leat glaoch orainn ar 021 453 5110 agus oibreoidh muid chun an fhadhb a réiteach.
Don phainéal seo, roghnaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh sciar randamach den daonra.
Má bhíothas i dteagmháil leat roimhe seo agus go raibh tú toilteanach páirt a ghlacadh mar bhall den phainéal suirbhéanna, beidh muid i dteagmháil go rialta leat trí úsáid a bhaint as na sonraí a dheimhnigh tú linn agus cuirfidh muid tú ar an eolas faoi gach suirbhé ábhartha atá le líonadh isteach.
De do thoil féin atá sé páirt a ghlacadh ach tá sé tábhachtach go nglacfadh an méid is mó daoine is féidir páirt chun an léargas is cruinne is féidir a fháil ar an saol in Éirinn. Más mian leat roghnú gan páirt a ghlacadh ag aon am, díreach seol ríomhphost chuig CSOTakePart@cso.ie, agus bainfidh muid d’ainm den liosta.
Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn, mar atá leagtha amach thíos, le haon cheisteanna:
Ríomhphost: CSOTakePart@cso.ie
Teileafón: (+353) 21 453 5110
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.