Ar ais go barr
Téigh ar aghaidh
Tras-scríbhinn
Praghsanna Talún Talmhaíochta 2024
- Sa bhliain 2024, díoladh 57,212 acra de thalamh talmhaíochta go náisiúnta ar an meánphraghas de €9,988 in aghaidh an acra.
- Ba é €17,898 an meánphraghas náisiúnta ar thalamh arúil agus ba é €9,623 an meánphraghas náisiúnta ar thalamh féaraigh buan.
- Bhí na meánphraghsanna in aghaidh an acra is airde i réigiúin Bhaile Átha Cliath agus an Oirdheiscirt, €24,125 agus €14,991 faoi seach.
- Ba é €7,027 an meánphraghas is ísle in aghaidh an acra i réigiún an Iarthair.
- Díoladh an méid is airde de thalamh talmhaíochta, 12,782 acra, i réigiún an Iarthair.
- Díoladh an méid is ísle de thalamh talmhaíochta i réigiún Bhaile Átha Cliath (475 acra) agus réigiún an Oirdheiscirt (4,517 acra).
Téigh chuig an bhfoilseachán iomlán i mBéarla