Anailís ar Chuntais Choigiltis Scoir Pearsanta (CCSP) 2024
Ranníocóirí
Sa bhliain 2024, bhí 258,168 ranníocóir ag cur airgid isteach i CCSPanna, méadú 13.6% i gcomparáid le 2023.
Mhéadaigh líon na ranníocóirí CCSPanna caighdeánacha faoi 3.6% go 163,201.
Mhéadaigh líon na ranníocóirí CCSPanna neamhchaighdeánacha faoi 36.2% go 94,967.
Luach Iomlán Sócmhainní CCSP
Idir 2023 agus 2024, mhéadaigh sócmhainní iomlána an CCSP faoi 53.8% go €18.3 billiún
Mhéadaigh sócmhainní caighdeánacha CCSP faoi 26% go €6.7 billiún
Mhéadaigh sócmhainní neamhchaighdeánacha CCSP faoi 76% go €11.6 billiún