Tuarascáil Bhliantúil um Staitisticí Beatha 2023
Breitheanna
Mhéadaigh breitheanna do mhná 40 bliain d'aois agus os a chionn 24.7% i ndeich mbliana, suas ó 4,004 in 2013 go 4,993 in 2023.
Laghdaigh breitheanna do mhná faoi bhun 20 bliain d'aois 50.5% i ndeich mbliana, síos ó 1,380 in 2013 go 683 in 2023.
Mhéadaigh meánaois na máithreacha 3.1% i ndeich mbliana, suas ó 32.2 bliain in 2013 go 33.2 bliain in 2023.
Príomhchúiseanna báis in Éirinn
Mhéadaigh básanna ó neodraí urchóideacha 17.1% i ndeich mbliana, suas ó 8,725 in 2013 go 10,221 in 2023.
Mhéadaigh básanna ó ghalair imshruthaithe 3.3% i ndeich mbliana, suas ó 9,473 in 2013 go 9,784 in 2023.
Mhéadaigh básanna ó ghalair riospráide 17.7% i ndeich mbliana, suas ó 3,504 in 2013 go 4,124 in 2023.