Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Imeachtaí Saoil

Achoimre atá sa léarscáil thíos de staitisticí ar bhreitheanna, póstaí, básanna agus ainmneacha leanaí tiomsaithe agan bPríomh-Oifig Staidrimh thar ceann an Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Torthaí críochnúla atá i sonraí ar bhreitheanna agus bhásanna go dtí 2016. Réamhthorthaí atá i sonraí ar bhreitheanna agus básanna a bhaineann le 2017 agus 2018, go bhféadfaí athrú. Sonraí críochnúla atá i gceist maidir le póstaí agus ainmneacha leanaí.

Féach ar na himeachtaí tábhachtacha saoil gur féidir a aimsiú nuair a ghliogálann tú ar do chontae.

Imeachtaí saoil de réir chontae

  • Bain leas as an léarscáil chun teacht ar shonraí lárnacha na bliana 2018, ar nós
    • cad iad na háiteanna leis an líon is mó agus is lú de bhreitheanna, póstaí agus básanna;
    • cá féidir teacht ar na brídeoga agus na fir nuaphósta is óige
    • cén chontae ina bhfuil "Ellie" ar an ainm cailín is coitianta
    • cén chontae ina bhfuil "Noah" ar an ainm buachalla is coitianta.
  • Cuirtear staitisticí faoi imeachtaí saoil ar fáil de réir údaráis áitiúil, amhail 'Fine Gall', 'Cathair Chorcaí', 'Contae na Gaillimhe'. Gliogáil ar chontae nó cathair chun sonraí 2018 a fheiceáil don údarás sin.
  • Is féidir zúmáil isteach ar an léarscáil chun breathnú ar na ceantair níos lú, m.sh. cathracha Chorcaí agus na Gaillimhe.