Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Seirbhísí Tacaíochta – Eolas Úsáideach & Sonraí Teagmhála

Is liosta é seo d’eagraíochtaí ar féidir leo cabhrú le daoine déileáil le raon saincheisteanna. Más rud é go ndeachaigh saincheist chun cinn i scaoileadh ón bPríomh-Oifig Staidrimh i bhfeidhm ort nó má tá comhairle nó tacaíocht á lorg agat, b’fhéidir go mbeidh na heagraíochtaí seo a leanas in ann cabhrú leat.

Ginearálta

Eolas do Shaoránaigh

Eolas do Shaoránaigh - cuirtear comhairle agus eolas saor in aisce ar fáil maidir le réimse saincheisteanna lena n-áirítear sláinte, leas sóisialach, airgead agus cáin, oideachas agus oiliúint, agus cearta fostaíochta agus tomhaltóirí.
Glaoigh ar 0818 07 4000
www.citizensinformation.ie 


Drochúsáid/Foréigean Baile

Cúnamh do Mhná

Cuirtear seirbhísí tacaíochta ar fáil d’íospartaigh bhaineanna mí-úsáide teaghlaigh, amhail líne chabhrach, atreorú tearmainn agus tionlacan cúirte.
Glaoigh ar 1800 341 900 
Riomhphost:info@womensaid.ie
www.womensaid.ie 

Cúnamh d'Fhir

Cuirtear seirbhísí tacaíochta ar fáil d’íospartaigh fhireanna mí-úsáide teaghlaigh, amhail líne chabhrach, comhairliúchán agus tionlacan cúirte
Glaoigh ar  01 554 3811
www.mensaid.ie 

An tIonad Éigeandála um Éigniú – Baile Átha Cliath:

A oibríonn chun an dochar a chosc agus an tráma a leigheas ó fhoréigean gnéasach. Oibríonn siad le daoine a d’fhulaing ionsaí gnéis, éigniú nó mí-úsáid ghnéasach san óige.
Líne Chabhrach Náisiúnta: 1800 778 888 

Éire Sábháilte 

Is comhlacht náisiúnta é Safe Ireland a oibríonn chun deireadh a chur le Foréigean Baile, lena n-áirítear seirbhísí tosaigh tacaíochta agus tearmainn a chur ar fáil.
Phone: 090 6479078
Email: info@safeireland.ie
www.www.safeireland.ie


Andúil

Alcólaigh gan Ainm (AA)

Comhaltacht d’fhir agus mná a roinneann a dtaithí, a neart agus a ndóchas lena chéile sa chaoi is go bhféadfaidh siad a bhfadhb choiteann a réiteach agus cuidiú le daoine eile téarnamh ón alcólacht.
Glaoigh ar 01 842 0700
www.alcoholicsanonymous.ie 

Al-Anon

Tugtar tuiscint agus tacaíocht do theaghlaigh agus cairde óltóirí fadhbacha i dtimpeallacht anaithnid.
Glaoigh ar 01 873 26 99
www.al-anonuk.org.uk 

Drugs.ie

Cuireann Drugs.ie eolas ar fáil do dhéagóirí agus dá muintir faoi dhrugaí agus alcól, mar aon le naisc chuig seirbhísí amhail cóir leighis agus athshlánú.
www.drugs.ie/ 

Líne Chabhrach FSS um Dhrugaí & Alcól

Cuireann Líne Chabhrach FSS um Dhrugaí & Alcól seirbhís rúnda saor in aisce ar fáil, áit ar féidir labhairt faoi aon imní a bhaineann le drugaí nó alcól.
Glaoigh ar 1800 459 459

Gamblers Anonymous

Is comhaltacht é Gamblers Anonymous d’fhir agus de mhná a thagann le chéile agus a roinneann a gcuid taithí féin ar mhaithe le cabhrú le daoine eile a bhféadfadh fadhbanna cearrbhachais a bheith acu.
Glaoigh ar 01 872 1133
www.gamblersanonymous.ie 

GamblingCare.ie

Cuireann Gambling Care comhairle, abhcóideacht agus atreoruithe chuig seirbhísí tacaíochta reatha ar fáil do dhaoine chun cabhrú leo ag gach céim den phróiseas andúile.
Glaoigh ar 1800 936 725
www.gamblingcare.ie 


Galar Alzheimer agus Néaltrú

Cumann Alzheihmer na hÉireann

Is é Cumann Alzheimer na hÉireann an príomhsholáthraí seirbhíse néaltrú-shonrach in Éirinn, ag soláthar seirbhísí agus tacaíochtaí a bhaineann go sonrach le néaltrú agus ag tacú le cearta agus riachtanais gach duine a chónaíonn le néaltrú agus a gcúramóirí.
Glaoigh ar 1800 341 341
www.alzheimer.ie 

Engaging Dementia

Cuireann Engaging Dementia oiliúint agus acmhainní ar fáil do dhaoine a bhíonn ag tabhairt aire do dhaoine le néaltrú i gcúram cónaitheach, in ionaid seirbhísí lae, in ospidéil nó sa mbaile.
Glaoigh ar 01 260 8138
www.engagingdementia.ie 


Méala/Breith Anabaí

Líne Chabhrach Méala Fhondúireacht Ospíse na hÉireann

Cuireann líne chabhrach Méala Fhondúireacht Ospíse na hÉireann spás rúnda ar fáil do dhaoine a dteastaíonn uathu labhairt faoina dtaithí féin nó ceisteanna a chur faoi bhás duine éigin a raibh aithne acu orthu, nó a raibh siad mór leo.
Glaoigh ar 1800 80 70 77
www.hospicefoundation.ie 

HUGG (Méala de bharr Féinmharaithe)

Cuireann HUGG grúpaí tacaíochta, mar aon le tacaíocht teileafóin ar fáil do dhaoine a bhfuil méala orthu de bharr féinmharaithe.
www.hugg.ie 

Cumann Breitheanna Anabaí na hÉireann

Cuireann Cumann Breitheanna Anabaí na hÉireann tacaíocht teileafóin agus ríomhphoist ar fáil do thuismitheoirí a bhfuil méala orthu de bharr breith anabaí.
www.miscarriage.ie 

Pregnancy & Infant Loss Ireland

Cuireann Pregnancy & Infant Loss Ireland liosta tacaíochtaí mionsonraithe ar fáil do thuismitheoirí a bhfuil méala orthu de bharr cailliúint toirchis agus bás imbhreithe.
www.pregnancyandinfantloss.ie 


Fiacha/Airgead Pearsanta

Seirbhís Buiséadaithe & Comhairle Airgid (MABS)

Is éard é MABS ná seirbhís comhairle airgid saor in aisce, rúnda agus neamhspleách an stáit, a threoraíonn daoine a bhfuil fadhbanna fiachais acu.
Glaoigh ar 0818 07 2000
www.mabs.ie 

Naomh Uinseann de Pól (SVP)

Is eagraíocht dheonach Chríostaí é SVP a thacaíonn le daoine bochta faoi mhíbhuntáiste.
Glaoigh ar 01 884 8200
www.svp.ie 


Daoine faoi Mhíchumas

Enable Ireland

Cuireann Enable Ireland seirbhísí ar fáil do theaghlaigh leanaí agus daoine fásta atá faoi mhíchumas.
Glaoigh ar 01 872 71 55
www.enableireland.ie 


Neamhoird Itheacháin

Bodywhys

Is eagraíocht dheonach náisiúnta é Bodywhys a thacaíonn le daoine le neamhoird itheacháin.
Glaoigh ar 01 872 71 55
www.bodywhys.ie 


Tacaíocht Teaghlaidh

One Family

Is líne chabhrach é One Family do dhaoine atá ina dtuismitheoirí aonair, daoine atá ag roinnt dualgais tuismitheoireachta agus do dhaoine atá ag scaradh óna chéile.
Glaoigh ar 0818 662 212
www.onefamily.ie 

Parent Line

Cuireann Parent Line líne chabhrach faoi rún ar fáil do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí, mar aon le tacaíocht, treoir agus eolas a chur ar fáil ar gach gné a bhaineann le bheith i do thuismitheoir.
Glaoigh ar 01 873 35 00
www.parentline.ie 

Tusla

Cuireann Tusla, An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, réimse leathan seirbhísí ar fáil chun tacú le leanaí agus a dteaghlaigh.
Glaoigh ar 01 771 85 00
www.tusla.ie 

Barnardos

Cuireann Barnardos seirbhísí ar fáil do leanaí, do theaghlaigh agus do phobail chun saoil leanaí leochaileacha a athrú.
Glaoigh ar 01 453 03 55
www.barnardos.ie 

Coistí Cúraim Leanaí Cathrach agus Contae

Cuireann Coistí Cúraim Leanaí Cathrach agus Contae cúnamh cúraim leanaí ar fáil do theaghlaigh.
City and County Childcare Committees

Is féidir liosta mionsonraithe eile de thacaíochtaí do thuismitheoirí a fháil anseo:
Supporting Parents
Youth Information Centres and Services


Féiniúlacht Ghnéis agus Inscne

LGBT Éireann

Cuireann Líne Chabhrach LADT tacaíocht ar fáil ar an bhfón nó ar líne trí sheirbhís teachtaireachtaí meandracha nó trí fhreastal ar ghrúpaí tacaíochta piaraí.
Glaoigh ar 1800 929 539
www.lgbt.ie 

TENI

Cuireann TENI réimse tacaíochtaí agus eolas ar fáil agus é mar aidhm acu folláine daoine trasinscneacha agus a dteaghlaigh a fheabhsú.
Glaoigh ar 01 907 37 07
www.teni.ie 


Easpa Dídine/Tithíocht

Focus Ireland

Cuireann Focus Ireland comhairle, eolas agus abhcóideacht ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt de bharr easpa dídine.
Glaoigh ar 01 881 5900 

Threshold

Is carthanas náisiúnta tithíochta é Threshold a chuireann tacaíocht agus comhairle atá saor in aisce, neamhspleách agus faoi rún ar fáil do chíosaithe.
Glaoigh ar 1800 454 454


Meabhairshláinte

SpunOut.ie

Is suíomh gréasáin faisnéise don óige é Spun Out, atá cruthaithe ag daoine óga, do dhaoine óga.
www.spunout.ie 

TextAboutIt.ie

Is seirbhís teachtaireachtaí saor in aisce, anaithnid, 24/7 é Text About a chuireann réimse tacaíochtaí ar fáil a bhaineann le cúrsaí meabhairshláinte agus folláine, fiú mura bhfuil uait ach comhrá suaimhneach a bheith agat le duine éigin.
Téacsáil HELLO chuig 50808
www.textaboutit.ie 

FSS

Cuireann FSS líne chabhrach agus suíomh gréasáin ar fáil ina bhfuil comhairle agus eolas ar fáil maidir le cúrsaí meabhairshláinte agus folláine.
Glaoigh ar 1800 111 888
www.yourmentalhealth.ie  

Grow

Is pobal daoine é Grow a tharraingíonn eispéiris phearsanta ar dhúshláin mheabhairshláinte le chéile, ag tairiscint bealaí praiticiúla chun cabhrú leo teacht tríd dúshláin mheabhairshláinte nó streachailtí saoil.
Glaoigh ar 1890 474 474
www.grow.ie  

Aware

Is eagraíocht náisiúnta meabhairshláinte é Aware a chuireann eolas, oideachas agus tacaíocht saor in aisce ar fáil do dhaoine atá buailte ag an dúlagar, neamhord dépholach nó neamhoird ghiúmair ghaolmhara eile.
Glaoigh ar 1800 80 48 48
www.aware.ie 

Shine

Cuireann Shine réimse tacaíochtaí ar fáil do dhaoine a bhfuil taithí acu féin, mar aon lena dteaghlaigh, ar dhúshláin mheabhairshláinte.
Glaoigh ar 01 860 16 10
www.shine.ie 

Turn2me.ie

Cuireann Turn2me grúpaí tacaíochta ar líne mar aon le seisiúin teiripe ar líne le gairmithe ar fáil trí fhíseán nó trí theachtaireachtaí meandracha. Tá an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce do shaoránaigh os cionn 18 mbliana d’aois atá ina gcónaí in Éirinn.
www.turn2me.ie 

Seirbhís Náisiúnta Comhleoireachta (NCS)

Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Comhleoireachta (NCS) comhairleoireacht saor in aisce ar fáil do dhaoine i gcásanna éagsúla
National Counselling Service (NCS)


Sábháilteacht ar Líne

Web Wise

Cuireann Webwise.ie eolas, comhairle, agus acmhainní oideachais saor in aisce ar fáil do dhéagóirí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí maidir le sábháilteacht ar líne.
www.webwise.ie 


Sláinte Ghneis

SexualWellbeing.ie

Is suíomh gréasáin é Sexualwellbeing.ie atá á reáchtáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a chuimsíonn sonraí faoi vacsaínithe, frithghiniúint, STIanna, toircheas neamhphleanáilte, toiliú agus go leor eile.
www.sexualwellbeing.ie 

Líne Chabhrach MyOptions don Toircheas Neamhphleanáilte

Is líne chabhrach saor in aisce arna reáchtáil ag an FSS é MyOptions a chuireann réimse tacaíochtaí ar fáil chun déileáil le toircheas neamhphleanáilte.
Glaoigh ar 1800 828 010


Mí-úsáid/Foréigean Gnéis

An Líne Chabhrach Náisiúnta um Fhoréigean Gnéis

Cuireann an Líne Chabhrach Náisiúnta um Fhoréigean Gnéis arna reáchtáil ag Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath, tacaíocht agus eolas ar fáil d’íospartaigh a ndearnadh ionsaí gnéis orthu.
Glaoigh ar 1800 778 888

Rape Crisis Ireland

Is ionad speisialaithe faisnéise agus acmhainní é Rape Crisis Ireland maidir le héigniú agus gach cineál foréigin ghnéasaigh.
Glaoigh ar 091 563 676
www.rcni.ie 

CARI

Cuireann CARI teiripe ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga a raibh tionchar ag mí-úsáid ghnéasach leanaí orthu. Lena chois sin, cuireann CARI eolas, tacaíocht agus comhairleoireacht ar fáil do shiblíní, do chúramóirí agus do thuismitheoirí nach ndearna mí-úsáid ar leanaí.
Glaoigh ar 0818 924 567
www.cari.ie 


Féinmharú & Féindochar

Samaritans

Is seirbhís tacaíochta 24 uair an chloig, 365 lá sa bhliain é The Samaritans d’aon duine a airíonn go bhfuil siad ciaptha nó in ísle brí, lena n-áirítear na daoine sin atá ag smaoineamh ar lámh a chur ina mbás féin agus atá ag iarraidh labhairt le duine.
Glaoigh ar 116 123
www.www.samaritans.org/ireland/how-we-can-help/contact-samaritan 

Pieta House

Is líne chabhrach saor in aisce é Líne Chabhrach 24-Uair an chloig Pieta House i gcoinne Féinmharú agus Féindochair trína dtugtar tacaíocht mhothúchánach d’aon duine atá ag smaoineamh ar fhéinmharú nó féindochar.
Glaoigh ar 1800 247 247
www.pieta.ie 


Tacaíocht don Lucht Siúil

Seirbhís Comhairleoireachta don Lucht Siúil

Cuireann an tSeirbhís Comhairleoireachta don Lucht Siúil seirbhís comhairleoireachta ar fáil do phobal an Lucht Siúil.
Glaoigh ar 01 868 57 61
www.travellercounselling.ie 


Tacaíochtaí don Óige

Childline

Cuireann Childline líne tacaíochta rúnda ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga in Éirinn.
Glaoigh ar 1800 66 66 66
www.childline.ie 

SpunOut.ie

Is suíomh gréasáin faisnéise don óige é Spun Out atá cruthaithe ag daoine óga, do dhaoine óga.
www.spunout.ie 

TextAboutIt.ie

Is seirbhís teachtaireachtaí saor in aisce, anaithnid, 24/7 é Text About a chuireann réimse tacaíochtaí ar fáil a bhaineann le cúrsaí meabhairshláinte agus folláine, fiú mura bhfuil uait ach comhrá suaimhneach a bheith agat le duine éigin.
Téacsáil HELLO chuig 50808
www.TextAboutIt.ie 

BeLongTo (Tacaíocht Óige LADTI+)

Cuireann BeLongTo tacaíocht, faisnéis agus grúpaí ar fáil do dhaoine óga leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LADTI+) in Éirinn, dá dtuismitheoirí agus dá gcúramóirí, agus do ghairmithe eile.
www.belongto.org 

Jigsaw

Cuireann Jigsaw tacaíocht agus comhairle faoi mheabharshláinte ar fáil do dhaoine óga idir 12 agus 25 bliana d’aois agus dá dtuismitheoirí nó do dhaoine fásta buartha.
www.jigsaw.ie 

Teenline

Is seirbhís éisteachta ghníomhach náisiúnta í Teenline do leanaí agus do dhaoine óga suas go dtí 18 mbliana d'aois in Éirinn.
Glaoigh ar 1800 833 634
www.ispcc.ie/teenline 

CARI

Cuireann CARI teiripe ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga a raibh tionchar ag mí-úsáid ghnéasach leanaí orthu. Lena chois sin, cuireann CARI eolas, tacaíocht agus comhairleoireacht ar fáil do shiblíní, do chúramóirí agus do thuismitheoirí nach ndearna mí-úsáid ar leanaí.
Glaoigh ar 0818 924 567
www.cari.ie 


Tacaíocht Coireachta agus Íospartha

Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta

Cuirtear tacaíocht agus faisnéis ar fáil saor in aisce trí Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta d’aon duine a raibh tionchar ag an gcoiriúlacht orthu, beag beann ar nádúr na coiriúlachta sin. Cuirtear faisnéis agus treoir ar fáil freisin do dhaoine gairmiúla eile a bhíonn ag obair le híospartaigh na coireachta.
Téacsáil 085 133 7711
Glaoigh ar 116 006
www.crimevictimshelpline.ie  

Fraudsmart

Cuirtear daoine ar an eolas faoi chaimiléireacht airgeadais ar Fraudsmart.ie agus cuirtear cúpla leid ar fáil ann freisin ar an gcaoi le caimiléireacht a sheachaint.
Glaoigh ar 01 671 5311
www.fraudsmart.ie

Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce

Is líne chabhrach é Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC) trína dtugtar comhairle dlí saor in aisce.
Glaoigh ar 01 906 1010
www.flac.ie

Ruhama

Oibríonn Ruhama le mná a raibh baint acu ar bhealach amháin nó ar bhealach eile le striapachas nó le teacht i dtír ghnéasach chun críocha tráchtála de chineál éigin.
Glaoigh ar 01 836 0292 
www.ruhama.ie