Is é is brí le soláthar poiblí ná an próiseas a úsáideann comhlachtaí poiblí chun earraí nó seirbhísí a cheannach ó sholáthraithe. Cuimsíonn sé gnáthsholáthairtí nó gnáthsheirbhísí a cheannach nó tairiscintí a lorg agus conarthaí a dhéanamh.
Féach Oifig um Sholáthar Rialtais le haghaidh tuilleadh eolais.
Faightear soláthairtí, seirbhísí agus oibreacha ag an bPríomh-Oifig Staidrimh de réir dlí soláthair na hEorpa [en], chomh maith le treoirlínte agus reachtaíocht náisiúnta um sholáthar poiblí. Féach www.etenders.gov.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
De réir an bheartais phoiblí déantar gach soláthar ón bPríomh-Oifig Staidrimh tar éis tairisceana iomaíche. Tar éis conradh a bhronnadh, cuirtear na critéir lenar bunaíodh an roghnúchán in iúl do thairgeoirí nár éirigh leo ar iarratas. I gcás soláthair os cionn tairseacha áirithe, tá gá le ceadú Choiste na gConarthaí Rialtais (GCC) mura bhfuil an conradh á bhronnadh ar an tairiscint is ísle.
I gcás conarthaí móra le haghaidh soláthairtí agus seirbhísí, comhlíonann an Phríomh-Oifig Staidrimh na rialacha atá leagtha amach i ndlí soláthair na hEorpa.
Tá míniú faoin gcóras maoiniúcháin poiblí agus an chaoi a dtugtar cuntas ar ioncam agus caiteachas ranna agus oifigí rialtais ar fáil anseo.
Tá sonraí faoi chomórtais tairisceana reatha an Phríomh-Oifig Staidrimh os cionn €50,000 ar fáil ar www.etenders.gov.ie.
Tá sonraí faoi chonarthaí ar luach os cionn € 25,000 (gan CBL san áireamh) a bhronn an Phríomh-Oifig Staidrimh ar fáil anseo.