Tá formhór chlár oibre na Príomh-Oifige Staidrimh tiomáinte ag riachtanais éigeantacha Threoracha agus Rialacháin an AE agus, go háirithe, maidir lenár rannpháirtíocht sa Chóras Staidrimh Eorpach (CSE) [en].
Leagtar síos ceanglais staidrimh an AE i reachtaíocht atá sonrach don earnáil; tá an chuid is mó díobh éigeantach ar bhallstáit faoi Rialacháin agus Treoracha na Comhairle. Tá na príomhfhorálacha liostaithe ar http://ec.europa.eu/eurostat/web/european-statistical-system/legislation-in-force [en].
Is é Rialachas Corparáideach an bealach ina ndéantar eagraíochtaí a stiúradh agus a rialú, agus tá sé lárnach d'oibriú éifeachtach aon eagraíochta. Tá sé thar a bheith tábhachtach a chinntiú go gcomhlíonann an Phríomh-Oifig Staidrimh a hoibleagáidí reachtúla go héifeachtach.
I bPlean Athnuachana na Státseirbhíse 2014, leagtar socruithe nua amach maidir le rialachas agus cuntasacht sa Státseirbhís. Is é an príomhghníomh a aithníodh ná feabhas a chur ar shocruithe rialachais de réir an chleachtais is fearr trí chaighdeán comhrialtais a thabhairt isteach. D'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh a Caighdeán Rialachais Chorparáidigh [en] ina leagtar amach an tslí a ndéanann an Oifig cinntí, cuireann sí beartais i bhfeidhm agus seachadann sí a sainordú agus a feidhmeanna.
Tá staidrimh oifigiúla na hEorpa á rialú ag na prionsabail sa Chód Cleachtais Staidrimh na hEorpa, arb é is aidhm dó cáilíocht agus creidiúnacht na sonraí a chinntiú. Tagraíonn na prionsabail seo, i measc rudaí eile, do neamhspleáchas gairmiúil, do chosaint rúndachta, d’iontaofacht na dtorthaí, dá gcruinneas, dá thráthúlacht, dá n-amúlacht, dá n-inrochtaineacht, dá soiléire, dá n-inchomparáideacht agus dá gcomhleanúnachas.
Rinneadh Athbhreithniú Piaraí ar an bPríomh-Oifig Staidrimh i bhFeabhra 2022. Fuarthas amach san Athbhreithniú Piaraí go bhfuil treoir shoiléir leagtha amach ag an bPríomh-Oifig Staidrimh do thodhchaí na hOifige agus Chóras Staidrimh na hÉireann (ISS), go bhfuil lucht saothair tiomanta ag an Oifig a dhíríonn go láidir ar chomhoibriú, nuálaíocht agus meas ar phrionsabail staidrimh, agus nach bhfuil aon saincheisteanna comhlíonta ag an Oifig maidir le Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh (ES CoP). Chomh maith, fuarthas amach go bhfuil aithne fhorleathan ar an bPríomh-Oifig Staidrimh agus go bhfuil muinín ag an bpobal aisti mar tháirgeoir neamhspleách staidrimh oifigiúil ar ardchaighdeán. Léigh Peer Review Report Ireland 2022 (PDF 1,230KB) [en].