Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Nósanna Imeachta Airgeadais

Nós Imeachta Íocaíochta

Cuireadh nósanna imeachta inmheánacha i bhfeidhm chun cloí leis an Acht um Íoc Pras Cuntas, 1997 [en] arna leasú ag na Comhphobail Eorpacha (Íocaíocht Dhéanach in Idirbhearta Tráchtála) (IR Uimh. 580 de 2012 [en]) .  Cuirtear Tuarascálacha um Íoc Pras [en] ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.

Teagmháil le Sainchomhairleoirí

Feidhmíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi chomhaontú buiséid riaracháin agus cloíonn sí le forálacha an chomhaontaithe sin maidir le ceadú tarmligthe chun comhairleoirí a fhostú.  Cuirtear gach tionscadal comhairleachta faoi nós imeachta iomaíoch cuí agus comhlíonann siad dlí soláthair na hEorpa.

Ráitis airgeadais

Cuntas Leithreasa Bliaintiúla na Príomh-Oifige Staidrimh.

Orduithe Ceannaigh

Tá sonraí na nOrduithe Ceannaigh a luacháladh os cionn € 20,000 a rinne an CSO ar fáil anseo [en].