Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Teacht ar Eolas

Tugann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise an ceart duit teacht ar chuntais atá ag Ranna, agus Oifigí Rialtais agus ag roinnt eagraíochtaí poiblí. Chun teacht ar chuntais sa Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), caithfear iarratas a dhéanamh i bhfoirm scríofa (is féidir an fhoirm iniata leis seo a úsáid) chuig:

An tOifigeach Um Shaoráil Faisnéise, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh.

Glactar le hiarratais ríomhphoist chomh maith. Ní gá míniú a thabhairt cén fáth a theastaíonn uait teacht ar na cuntais. Caithfidh an eagraíocht phoiblí míniú a thabhairt duitse muna dtugann siad duit na rudaí a iarrann tú orthu. Ní mór cinneadh a bheith déanta faoi d’iarratas laistigh de 20 lá oibre de ghnáth (gan Dé Sathairn, Dé Domhnaigh, Laethanta Saoire Poiblí ná Aoine an Chéasta san áireamh). 

Is féidir iarratas a dhéanamh, faoi réir díolúnití áirithe atá sonraithe san Acht, ar na cuntais seo a leanas:

  • aon chuntas, is cuma cén uair a cruthaíodh é, a bhaineann go pearsanta leatsa.
  • gach cuntas eile, cruthaithe tar éis 12 Aibreán 1998 nach bhfuil fáil ag an bpobal air go ginéarálta

D’fhéadfadh "cuntas" a bheith i bhfoirm doiciméid ar phaipéar, a bheith mar eolas ar ríomhaire, mar asphriontaí, mar léarscáileanna, mar phleananna, mar mhiocrascannán, mar mhiocrafiche, mar ábhar clos-amhairc, srl.

I gcás taifead nach mbaineann go díreach leat féin go pearsanta, ní mór na táillí seo a leanas a íoc ar iarratas a dhéanamh

Cineál an Iarrata/an Iarratais Gnáth-tháille Táille Níos Ísle * & **
Iarraidh ar thaifead faoi Alt 12 Níl aon táille i gceist Níl aon táille i gceist
Iarraidh Thosaigh ar Achomharc Inmheánach €30 €10
Achomharc a chur faoi bhráid an Choimisinéara Faisnéise €50 €15
Iarraidh faoi alt 12 d’fhaisnéis phearsanta Níl aon táille i gceist Níl aon táille i gceist
Iarratas faoi alt 9 chun leasú a dhéanamh ar thaifead ina bhfuil faisnéis phearsanta atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach Níl aon táille i gceist Níl aon táille i gceist
Iarratas faoi alt 10 ar na cúiseanna atá le cinneadh a dhéanann difear don duine aonair Níl aon táille i gceist Níl aon táille i gceist
Cuardach agus Aisghabháil (a luaithe agus a bheidh an liúntas saor ó tháille €101 sáraithe) €20 san uair -
Fótachóipeanna €0.04 an leathanach -

* Ní bheidh aon táille i gceist sa chás go ndéanann duine achomharc in aghaidh cinneadh táille nó éarlais, nó táille nó éarlais de mhéid áirithe, a ghearradh faoi alt 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise.

** Beidh táille níos ísle i gceist maidir le tríú páirtithe a dhéanann achomharc in aghaidh cinnidh ó chomhlacht poiblí a gcuid faisnéise a eisiúint ar fhorais a bhaineann le leas an phobail. Beidh táille níos ísle i gceist maidir le sealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaithe.

Tabhair faoi deara, le do thoil, má tá táille níos ísle ar iarratas á héileamh agat, ní mór uimhir chláraithe an Chárta Leighis a bheith ag gabháil leis an iarratas mar aon le hainm an Bhoird Sláinte a d’eisigh an cárta agus ní mór cead a thabhairt na sonraí seo a fhíorú leis an mBord Sláinte sin.

Féadfar táille a ghearradh freisin as an am a chaitear ag aimsiú taifead agus as aon chostais atáirgthe a thabhaíonn an Oifig agus í ag cur an ábhair a ndearnadh iarraidh ina leith ar fáil duit.  Sa chás go bhfuil an costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála níos ísle ná €101, ní ghearrfar aon táille.   Sa chás go bhfuil an costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála níos airde ná €500 ach níos ísle ná €700, beidh uasteorainn €500 i bhfeidhm.   Sa chás go bhfuil an costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála níos airde ná €700 is féidir leis an gcomhlacht diúltú an t-iarratas a phróiseáil.   Cuirfear sonraí faoi tháillí iarbhír a bhaineann le d’iarratas in iúl duit i scríbhinn.   Ba cheart íocaíocht a dhéanamh trí dhréacht bainc, ordú poist airgid, nó seic pearsanta a bheith iníoctha leis an Oifigeach Cuntasaíochta, an Phríomh-Oifig Staidrimh.   Ó tugadh isteach ríomh-Lá ar an 19 Meán Fómhair 2014, tá stop curtha ag an Rialtas láir, ag na húdaráis áitiúla agus ag gníomhaireachtaí Stáit le seiceanna a eisiúint agus a ghlacadh ó ghnólachtaí.  Déan teagmháil lenár nAonad um Shaoráil Faisnéise má theastaíonn ár sonraí Ríomhaistrithe Airgid (EFT) uait trí ghlaoch a chur ar an uimhir (021) 4535000 folíne 5385 nó ar an uimhir (01) 4984000 folíne 5385.  

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh ar iarraidh SF, féadfaidh tú “athbhreithniú inmheánach” a iarraidh ar an Roinn nó ar an gcomhlacht.  Déanfaidh oifigeach níos sinsearaí athbhreithniú ar d’iarratas ansin. Cuirfear an toradh in iúl duit laistigh de 15 lá oibre (gan Dé Sathairn, Dé Domhnaigh, Laethanta Saoire Poiblí ná Aoine an Chéasta san áireamh). Muna bhfuil tú sásta leis seo, is féidir athbhreithniú a iarradh ar:

An Coimisinéir Eolais, 18 Sráid Leeson Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

Díolúinte Staitisticiúil

Tá díolúinte ag eolas staitisiciúil atá soaitheanta atá ag an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ó fhórálacha an Achta FOI. Leanfar le príobháideachas na gcuntas seo a chosaint faoin Acht um Staitisticí 1993. Tá an mhórchuid de ghabháltas an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) i gceist anseo.

Scéim Foilsithe na Príomh-Oifige Staidrimh um Shaoráil Faisnéise

Foillsítear eolas maidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh i Scéim Foilsithe na Príomh-Oifige Staidrimh um Shaoráil Faisnéise ar suíomh gréasáin an CSO anseo.

Tuilleadh Eolais nó Cúnaimh

Chun tuilleadh eolais nó cúmaimh a fháil maidir le feidhmiú an Achta FOI taobh istigh den Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) téigh i dteagmháil le:

Oifig Sonraí, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh, (ríomhphost dataoffice@cso.ie)