Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Socraítear polasaí soláthair bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) de réir Deachleachtais Chuí na hEarnála Poiblí, mar atá sonraithe i dTreoirlínte um Sholáthar Poiblí na Roinne Airgeadais. Leagann an doiciméad seo síos na riachtanais le treoirlínte náisiúnta agus treoracha an AE a chomhlíonadh maidir le modhanna soláthair. Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) meáite ar na riachtanais seo a chomhlíonadh.

Ach amháin i gcúinsí speisialta, is tairiscint iomaíoch nó foirmeacha eile d'iomaíocht oscailte a bheidh i gceist. Tá cur síos ar na cúinsí seo sa doiciméad um Threoirlínte don Soláthar Poiblí.
Cuirfidh na bunphrionsabail seo a leanas, mar sin, taca faoi na modhanna soláthair atá glactha ag an PHríomh-Oifig Staidrimh (CSO):

  • Cur i bhfeidhm modhanna iomaíocha soláthair atá oscailte, trédhearcach agus cothrom.
  • Cinntiú go mbaineann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) luach as a cuid airgid.
  • Laghdú ar phriacal BPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) le linn an phróisis soláthair agus i seachadadh earraí nó seirbhísí ina dhiaidh sin.
  • Comhionannas rochtana ar sholáthraithe/chonraitheoirí cáilithe a chinntiú.
  • Cinntiú go gcuirtear gach soláthraí/conraitheoir ar an eolas maidir le gnáth-théarmaí agus coinníollacha bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) agus go gcloíonn siad leo.
  • Caithfidh conraitheoirí/soláthraithe gach rialachán rialtais chuí a chomhlíonadh, san áireamh riachtanais um imréiteach cánach, chomh maith le reachtaíocht agus rialacháin Sláinte agus Slándála agus Fostaíochta.