Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

17 Feabhra 2022

Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 4 2021

Méadú 10.1% go 2,506,000 ar an líon daoine i bhfostaíocht sa bhliain go R4 2021
  • Tháinig méadú 10.1% ar fhostaíocht – suas go 2,506,000 – sa bhliain go R4 2021, bhí neamhláithreacht ón obair sa tseachtain tagartha 14.7% ní b’ísle i R4 2021 ná ná mar a bhí bliain ní ba luaithe agus, de bharr an dá rud seo, feictear borradh 9.6% (6.8 milliún uair) faoin líon uaireanta oibre sa tseachtain
  • Méadú 6.8 milliún tagtha ar uaireanta oibre go 77.6 milliún uair sa tseachtain, don bhliain go R4 2021, mionmhéadú ar an 77.5 milliún uair sa tseachtain a taifeadadh in R4 2019, roimh na paindéime
  • Ag deireadh Nollaig 2021, meastar an Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19 ag 2,439,099daoine le Ráta Coigeartaithe Fostaíochta comhfhreagrach de 70.9%
  • Agus Eanáir 2022 ag teacht chun críche, is é meastachán reatha an Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19 ná 2,430,587 daoine le Ráta Coigeartaithe Fostaíochta comhfhreagrach de 70.7%
  • Bhí 127,400 daoine rangaithe mar Dífhostaithe in R4 2021 le Ráta Dífhostaíochta comhfhreagrach de 4.9% i measc an fhórsa saothair 15-74 bliana d’aois
  • Ag deireadh Nollaig 2021, meastar an Tomhas Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 ag 195,313 le Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 comhfhreagrach de 7.4%

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 4 2021 [en]

Tá torthaí á fhoilsiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (17 Feabhra 2022) ón Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) le haghaidh Ráithe 4 2021.

Déanann Sam Scriven, Staitisteoir, trácht ar eisiúint an lae inniu: “Leanann tionchar na paindéime COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn, tionchar a chonacthas a rian den chéad uair i dtreo dheireadh Ráithe 1 2020. Leis an oibleagáid atá ar an Oifig seo sainmhínithe agus modheolaíochtaí caighdeánacha a úsáid le meastacháin oifigiúla an tSuirbhé ar an Lucht Saothair a ríomh, leanaimid de na meastacháin SLS le haghaidh Ráithe 4 2021 a chur i dtoll a chéile ar an ngnáthbhealach agus Meastacháin Coigeartaithe COVID-19 faoi leith curtha ar fáil in éineacht leo.

De réir gnáthchritéir na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO), tháinig méadú 229,200 nó 10.1% ar an líon neamhchoigeartaithe daoine 15-89 bliain d’aois i bhfostaíocht go 2,506,000 sa bhliain dar críoch R4 2021. Tháinig méadú i mórchuid de na hearnálacha éagsúla fostaíochta, agus na méaduithe ba suntasaí san earnáil Lóistín & Seirbhísí Bia (+29.8% nó +37,100). Sheas an Ráta Fostaíochta ag 73.0% i measc daoine 15-64 bliana d’aois in R4 2021.

Tá neamhláithreacht oibrithe (m.sh. iad scaoilte chun bealaigh go sealadach, ar shaoire teaghlaigh nó ar ghnáthshaoire) ina ceist shuntasach go fóill maidir leis an líon uaireanta oibre i measc an lucht saothair. Bhí laghdú 14.7%  go 252,100 ar an lion cásanna neamhláithreachta sa tseachtain tagartha le linn na bliana dar críoch R4 2021. Mar gheall air seo agus an méadú fostaíochta 10.1%, bhí méadú 9.6% nó 6.8 milliún ar an líon uaireanta oibre sa ráithe, go 77.6 milliún uair. Athrú éagothrom ar uaireanta oibre a bhí ann i measc na n-earnálacha geilleagracha éagsúla. In R4 2021, bhí uaireanta oibre sna i ngach mór gach earnáil ní b’airde ná bliain roimhe agus ag druidim ar leibhéil R4 2019. San earnáil Lóistín & Seirbhísí Bia, tháinig méadú 1.7 milliún uair (+70.8%) ar an líon uaireanta oibre sa tseachtain le linn na bliana dar críoch R4 2021.

Nuair a thógtar éifeachtaí COVID-19 san áireamh, meastar faoin Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19, an luach féideartha is ísle de dhaoine 15 bliana d’aois agus os a cionn i bhfostaíocht, go raibh 2,439,099 fostaithe ag deireadh Nollaig 2021 agus go raibh Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 de 70.9% ann do dhaoine 15-64 bliana d’aois. Agus Eanáir 2022 ag teacht chun críche, sheas an dá táscaire seo ag 2,430,587 agus 70.7% faoi seach.

De réir gnáthchritéir ILO, is é an líon neamhchoigeartaithe daoine in aois 15-74 bliana a bhí dífhostaithe i R4 2021 ná 127,400 le Ráta Dífhostaíochta comhfhreagrach de 4.9%.

Mar chuid d’eisiúint an CSO ar Mheastacháin Dífhostaíochta Míosúil le haghaidh Eanáir 2022, foilsíodh Toirteanna agus Rátaí Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 mar a bhí ag deireadh Nollaig 2021. De réir na heisiúna sin, 195,313 daoine a bhí dífhostaithe agus ráta 7.4% a bhí i gceist do dhaoine in aois 15-74 bliana ag an am. Agus Eanáir 2022 ag teacht chun críche, 202,027 daoine a bhí dífhostaithe ionann le ráta 7.8%.

In R4 2021, de réir na gnáthmhodheolaíochta, bhí méadú 8.9% nó 214,800 go 2,633,300 daoine tagtha ar an líon iomlán daoine sa lucht saothair le hais R4 2020. Bhí líon 1,411,800 daoine nach raibh sa lucht saothair in R4 2021, laghdú 10.3% nó 161,300 ar an ráithe chéanna bliain roimhe.

Maidir leis an tábhacht atá le daoine roghnaithe páirt a ghlacadh san SLS, deir Jim Dalton: “I gcomhréir le treoirlínte sláinte poiblí a bhaineann le COVID-19, níl ár n-agallóirí ag tabhairt cuairt ar dhaoine sa bhaile. Ina áit sin, tá agallaimh ar an nguthán á ndéanamh acu. Faigheann líonta tí roghnaithe litreacha roimh ré ag iarraidh orthu teagmháil a dhéanamh leis an agallóir chun am a shocrú le haghaidh agallaimh.

Is foinse eolais fíorthábhachtach iad na suirbhéanna seo as a n-eascraíonn léargas ar an staid shóisialta agus geilleagrach ina bhfuil muintir na hÉireann ar leibhéal cruinnis nach bhféidir a shárú. Má dhéantar teagmháil le haon duine chun páirt a ghlacadh i suirbhé de chuid na hOifige, iarraim orthu amhlaidh a dhéanamh chun leasa na tíre. Is féidir libhse, muintir na hÉireann, braith ar chruinneas fhigiúirí CSO toisc gur sibhse a insíonn dúinn iad.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is é an Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) an fhoinse oifigiúil le haghaidh staitisticí faoin margadh saothair in Éirinn, lena n-áirítear tomhais oifigiúla fostaíochta agus dífhostaíochta. Tá na tomhais oifigiúla seo bunaithe ar coincheapa agus sainmhínithe na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO). Is iad tomhais an ILO an caighdeán idirnáisiúnta agus tá sé d’oibleagáid dhlíthiúil ag ballstáit uile an Aontais Eorpaigh sonraí ar an samhail seo a chur i dtoll a chéile agus a sholáthar ar bhonn ráithiúil do Eurostat, áisíneacht staidrimh an AE. Féach an Fógra Eolais maidir le Tionchar COVID-19 ar an Suirbhé ar an Lucht Saothair [en] le haghaidh tuilleadh eolais.

 

Déan teagmháil le:

 Sam Scriven, Anailís ar an Margadh Saothair, 021 - 453 5276

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Martina O’Callaghan (+353) 21 453 5491

nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

-- CRÍOCH --