Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Don Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC), ualaítear torthaí chun léargas cruinn a thabhairt ar dhaonra uile an stáit. Foilsíodh an tuarascáil SILC 2022 – Díothacht Fhorghníomhach i Samhain 2022, sular críochnaíodh próiseáil na sonraí ioncaim. Rinneadh é seo chun staitisticí ar líonta tí a chur ar fáil ar bhonn níos tráthúla. I ndiaidh próiseáil na sonraí ioncaim agus seiceálacha comhleanúnachais in éadan sonraí riaracháin ó fhoinsí eile, tá beachtú déanta ar na hualaithe do thorthaí SILC 2022. Rinneadh coigeartuithe ach go háirithe ar an bpróiseas neamhfhreagartha agus ar na teorainneacha calabrúcháin. Fágann na hathruithe sin go bhfuil níos lú athraithis ag baint leis na luachanna ualaithe agus, mar gheall air sin, gur meastacháin níos cruinne atá sna torthaí. Táthar tar éis na meastacháin san fhoilseachán SILC 2022 – Díothacht Fhorghníomhach a leasú dá bharr. Chun teacht ar a thuilleadh eolais, féach an nóta eolais [en] ar an ábhar ina ndéantar comparáid idir na torthaí chéadfhoilsithe agus na cinn leasaithe.

23 Samhain 2022

Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) 2022: Díothacht Fhorghníomhach

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC): Díothacht Fhorghníomhach 2022

Rinneadh coigeartú ar shonraí an fhoilseachán Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) 2022: Díothacht Fhorghníomhach an 22 Feabhra 2023. Is féidir teacht ar ábhar an phreasráitis nuashonraithe ag an nasc thuas.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Eva O'Regan (+353) 21 453 5243 nó Kathryn Foskin (+353) 21 453 5302

nó seol ríomhphost chuig icw@cso.ie

-- CRÍOCH --