Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

01 Samhain 2022

Suirbhé Sciobtha CSO - Airgead sa Saol Laethúil 2022: Cén tionchar atá ag an ardú sa gcostas maireachtála ortsa?

An deacair duit costais a chlúdach faoi láthair? An bhfeiceann tú athrú ar chostas na siopadóireachta seachtainiúil nó ar an méid airgid atá ar fáil duit ag deireadh na míosa? An dtéann tú amach ní chomh minic céanna nó an airíonn tú go bhfuil níos mó de do bhuiséad ag dul ar sheirbhísí? Imríonn an boilsciú agus an costas ardaithe maireachtála tionchar orainn go léir, ach i mbealaí éagsúla. Más ábhar imní duit an costas maireachtála, iarrann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ort tabhairt faoin Suirbhé Sciobtha ar líne 'Airgead sa Saol Laethúil'.

Ag trácht ar an suirbhé nuasheolta seo, deir Fiona O'Riordan, Ceannasaí ar Rannán Cúinsí Sóisialta, "Tá an suirbhé ar líne seo, nach dtógann ach cúpla nóiméad lena fhreagairt, ceaptha chun léargas a fháil ar na bealaí ina bhfuil an boilsciú ag cur isteach ar dhaoine ó lá go lá. Is mian linn cloisteáil ó dhaoine faoi na himpleachtaí ag ardú costaisí dóibhsean go pearsanta; an bhfuil athrú tagtha ar nósanna siopadóireachta nó an saol sóisialta s'acu, cén chaoi a bhfuil siad ag bainistiú a gcuid airgid, nó cé na hathruithe atá siad chun a dhéanamh sna míonna amach romhainn? Ach páirt a ghlacadh sa suirbhé, beidh daoine ag cabhrú linn léargas a fháil ar mar atá an boilsciú ag imirt tionchar ar an bpobal trí chéile."

Tá 'Airgead sa Saol Laethúil' ar an gceathrú eagrán den Suirbhé Sciobtha agus é ar fáil trí na hardáin shóisialta nó ónar suíomh, www.cso.ie/ga. Tá sé ar oscailt do gach duine 18 mbliana d'aois nó níos sine a bhfuil cónaí orthu sa stát. Tiocfaidh deireadh leis an suirbhé ar an 10 Samhain 2022 agus foilseofar na torthaí uaidh sa chéád leath de mhí na Nollag.

Ceistneoir gairid ar líne atá i ngach Suirbhé Sciobtha CSO, lena ndéantar tomhas ar thopaic faoi leith ag am faoi leith i measc an phobail. Iarrtar ar dhaoine cén tuairim atá acu ar ábhair agus feictear le meon an phobail a fháil maidir le himeachtaí nó saincheisteanna faoi leith. Is cuid den fheachtas 'Glac Páirt CSO' iad na Suirbhéanna Sciobtha agus cabhraítear ar an gcaoi seo leis an Oifig staitisticí ábhartha agus tráthúla a chur ar fáil do chách.

Lean Ms O'Riordan uirthi maidir le luach na Suirbhéanna Sciobtha CSO: "Is mian leis an Oifig seo é a dhéanamh níos éasca do dhaoine teacht ag plé linn. Tugann an Oifig faoi shuirbhéanna sainiúla ó thús deireadh na bliana maidir leis an sláinte, an taisteal, an coireacht, agus an fholláine, obair a choinníonn an pobal agus lucht déanta beartais ar an eolas. Roghnaítear líonta tí ar bhonn randamach chun críocha na suirbhéanna sainiúla sin. I gcás na Suirbhéanna Sciobtha, is féidir le daoine bheith páirteach as a stuaim féin agus tuigtear dúinn níos fearr cén chaoi a n-airíonn daoine faoi chúrsaí atá lárnach dúinn ar fad inár saolta laethúla."

Coinnítear gach eolas a thugtar don Oifig seo mar chuid de shuirbhéanna faoi rún daingean, agus ní haon eisceacht iad na Suirbhéanna Sciobtha. Ní thabharfaidh an Oifig seo riamh do shonraí d'aon roinn rialtais, eagras stáit, cuideachta nó eagraíocht eile. Úsáidfear do shonraí chun críocha staidrimh amháin agus eolas ginearálaithe anaithnid atá sna torthaí a fhoilseofar. Chun teacht ar thuilleadh eolais faoin bhfeachtas Glac Páirt CSO, nó faoi Shuirbhéanna Sciobtha CSO, féach na Ceisteanna Coitianta anseo.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Aoife O’Neill (+353) 21 453 5281 nó Jessica Coyne (+353) 21 453 5785

nó seol ríomhphost chuig csotakepart@cso.ie

-- CRÍOCH --