29 Aibreán 2022
Breathnaigh ar an eisiúint: Póstaí 2021 [en]
Tá an tuarascáil Póstaí 2021 foilsithe inniu (29 Aibreán 2022) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), bunaithe ar phóstaí cláraithe go léir sa stát don bhliain 2021.
Agus é ag tagairt don tuarascáil seo, dúirt Gerard Doolan, Staitisteoir: “Bhí 17,217 bpósadh in Éirinn in 2021, lena n-áirítear 500 phósadh comhghnéis. Is ionann seo agus ráta pósta garbh de 3.4 in aghaidh gach 1,000 duine daonra. Cé go raibh borradh faoi fhigiúirí in 2021 le hais 2020, bhí líon na bpóstaí anuraidh fós 15% ní ba lú ná in 2019, an bhliain dheireanach roimh na paindéime.
In 2021, sheas meánaois na mban nuaphósta i bpóstaí heitrighnéasacha ag 37.4 mbliana agus figiúr comhionann de 39.9 a bhí ann do mhná i bpósadh comhghnéis. I measc fear nuaphósta i bpóstaí heitrighnéasach anuraidh, bhí meánaois de 37.4 mbliana, sin le hais 40.4 bliain d’aois ar an meán ag fir i bpóstaí nua comhghnéis.
Searmanas Caitliceach (40%) an rogha ba choitianta do phósadh heitrighnéasach anuraidh, agus searmanas Sibhialta ar an dara ceann is mó (34%). Tá difear suntasach le braith idir seo agus an bhliain 2014, áfach, tráth arbh ionann an dá chineál searmanais seo agus 87% den iomlán. In 2021, shocraigh 328 lánúin comhghnéis (66% den iomlán) searmanas Sibhialta.
Agus maolú ar shrianta sláinte poiblí sa dara leath de 2021, reáchtáladh an líon is airde póstaí heitrighnéasacha i Lúnasa agus Meán Fómhair agus an líon is airde póstaí comhghnéis i Meán Fómhair agus Iúil. Luíonn na treochtaí seo le blianta roimh COVID. I gcás an dá dream, taifeadadh an líon is lú póstaí i mí Eanáir, tráth a raibh srianta dochta ar imeachtaí i bhfeidhm.
Is ar an Aoine agus an Satharn ba mhinice a pósadh lánúineacha heitrighnéasacha arís in 2021. An Aoine agus Déardaoin ab iad na laethanta ba choitianta do lánúineacha comhghnéis. B’iad an Domhnach agus an Mháirt na laethanta is annamha do bhainis i measc an dá dream anuraidh.”
Gerard Doolan (+353) 21 453 5130 nó David Griffin (+353) 21 453 5273
nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie
-- CRÍOCH --